An bhfuil Sinn Féin faoi bhrú ag páirtithe i bhfad amach ar an eite dheis agus ag feachtasóirí i gcoinne an inimirce? É seo agus tuilleadh á phlé ag Aengus Ó Snodaigh linn ar an gcláir.
Dheimhnigh an tAire Spóirt Catherine Martin gur iarradh ar ionadaithe an CLG & RTÉ teacht os comhair Choiste Oireachtais chun labhairt faoin gconspóid a bhaineann le GAAGO. Labhair Eoin Ó Catháin linn faoin méid seo.
Níl an rialtas chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun srian a cur ar phraghas grosaeirí. B'shin a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar leis an Dáil inniu. Labhair Conall Ó Móráin linn faoin méid seo.
Gairmeacha Gaeilge á gcur chun cinn ag COGG. D'fhreastail Malachi Ó Marcaigh ar bhronnadh na ngradam don chomórtas scileanna gairme do dhaltaí meánscoile agus d'ullmhaigh sé tuairsic dúinn.
Inniu ar an gclár: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Brian O Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadas, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath); Antóin Beag Ó Colla (scríbhneoir scripte); Eoin Corry (iriseoir taistil); Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson, New Jersey)
Tá Ryanair chun suas go 300 eitleán nua a cheannach ó Boeing, de réir margadh nua idir an dá chomhlacht ar fiú $40 billiún é. Bhí Eoin Corry iriseoir taistil linn chun an méid seo a phlé.
An Painéal Idirnáisiúnta: teannas idir an tSín agus Ceanada, tús curtha ag an ngiúré lena mbreithniú maidir le cás éignithe agus clúmhillte E Jean Carroll gcoinne Trump, óráid Putin i Moscó. Bairbre Ní Chiosáin agus Brian Ó Brian a bhí linn chun é seo ar fad a phlé.
Séanann an Tánaiste agus an tAire Cosanta Michéal Martin go bhfuil Éire ag braith ar an RAF chun cosaint a dhéanamh ar aerspás na hÉireann. Bhí Míchéal Martin ag caint ag comhdháil PDFORRA, an cumann a dhéanann ionadaíocht ar bhaill de na fórsaí slándála. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin ó Catháin ar pholaitíocht an lae.
13 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.