Tá baill de na fórsaí cosanta ar an shlí chun na Súdáine chun cabhrú le saoránaigh Éireannach a tharrtháil ón tír. Tá cogaíocht tar éis briseadh amach sa tSúdáin idir dhá bhrainse de na fórsaí míleata. Labhair Angus Lambkin linn faoi seo.
Ar an gclár: Joe Ó Dónaill (Príomhoide Gaelscoile Cill Bharróg); Dr.Clíona Ó Gallchóir (Léachtóir le Béarla UCC); Mide Nic Fhlionnlaoich Oifigeach Leasa Coláiste na hOllscoile BÁC); Joe Tieran (Staraí & Údar); Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Fergus Keane (Innealtóír Cairte & Scannánóir)
Tá an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Comhshaoil Eamon Ryan ag freastal ar chomhdháil na Mara Thuaidh atá ar siúl in Ostend sa Bheilg. Labhair Fergus Keane linn faoi seo.
Tá easaontas faoi ar chóir deireadh a chuir leis an gCúirt Choiriúil Speisialta i measc baill an ghrúpa a bhunaith an rialtas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCúirt. Phléadh seo ar an bpainéal.
Tháinig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le chéile ag 3 a chlog am na hÉireann faoi chathaoirleachta Aire Gnóthaí Eachtracht na Rúise Sergei Lavrov. Phléadh seo ar an bpainéal.
Tá iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeile Tomás Mac Ruaidhrí imithe ar shlí na fírinne. Labhair Paula Melvin Uachtarán Conradh na Gaeilge linn ar an gcláir.
Caitheamar Súil Siar ar na scéalta mór na seachtaine le Ursula Ní Shabhaois agus Daire Ní Chanáin. Comóradh Aoine an Chéasta & Laghdú ar Líon na mBan Tí san áireamh.
Ar an gclár inniu: Paula Melvin (Uachtarán Conradh na Gaeilge); Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí Polaitiúl BBC Alba); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir Cearta Digiteach Éireann); Ursula Ní Shabhaois (Stiúrthóir Cinnteacht); Daire Ní Chanáin (Iriseoir leis an Derry Journal); Cuán Ó Flatharta; Conall Mac Dhonnagáin
Tá treoir tugtha do rannóga rialtais gan aip físeán TikTok a bheith ar ghléasanna oifiigúla. Labhair Antóin Ó Lachtnáin linn faoi seo.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.