Bhí an tUasail Watt á cheistiú i dtaca le tuarascáil inár cáineadh an slí a dheileáil sé le hiarracht an Dr. Tony Holohan a thabhairt ar iasacht do Choláiste na Trionóide. Labhair Peadar Tóibín linn faoi seo.
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Éamon Ó Cuív (TD Fianna Fáil); Nadia Dobrianska (Tuairisceoir agus Teifeach Úcráineach in Éirinn); Peadar Tóibín (TD Aontú); Rob Ó Conchúir
Labhair Clíona Saidléir linn faoi na torthaí a bhí i mórshuirbhé nua ón Lár Oifig Staidrimh ina ndeirtear go bhfuil foréigin gnéis fulaingthe ag 52% de mhná.
Tá an Taoiseach Leo Varadkar agus Uachtaráin Choimisiún na hEorpa Ursula Von der Leyen le labhairt ag Comhdháil Chomhaontú Aoine an Chéasta i mBéal Feirste um thráthnóna. Tá Príomh Aire na Breataine Rishi Sunak le hóráid a thabhairt ag deireadh an chomhdháil freisin.
Dhiúltaigh Ard Rúnaí na Roinne Sláinte Robert Watt glacadh le formhór conclúidí an fhiosrúcháin i dtaca leis an iarracht an Dr Tony Holohan a thabhairt ar iasacht do Choláiste na Tríonóide. Labhair Eoin ó Catháin linn faoin méid a bhí le rá aici agus tuilleadh i bPolaitíocht an Lae.
Tá an teachta dála neamhspléach do Roscomáin-Gaillimh Michael Fitzmaurice le tús a chur le cainteanna faoi pháirtí polaitiúil nua a bheadh dírithe ar chúrsaí tuaithe a bhunú. Labhair Seosaimh ó Cuaig linn faoi seo.
Labhair Antóin Beag Ó Colla linn faoin clár teilifíse Iniúchadh TG4 - Mná Tí a mbeidh á chraoladh anocht. Labhair sé linn freisin faoin clár teilifís Bláth na hÓige, clár atá ag tabhairt árdán do ámhráinaithe óga na tíre.
Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíocht RnaG); Dr.Ian (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachta); Clíona Saidléir (Príomhfheidhmeannach Gréasán Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe); Seosamh Ó Cuaig (Colúnaí le Tuairisc.ie, Iar-chomhairleoir condae & iar-bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta); Domhnall Ó Catháin (Abhchóide i New Jersey); Antóin Beag Ó Colla
48 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.