Tá líon na nGárdaí i mBaile Formaid titithe ó 93 i 2012 go dtí 69 anuraidh - sin laghdú 25% in imeach deich mbliana. Phlé an bpainéal na fadhbanna atá le easpa gardaí sa cheantar.
Labhair Áine Ní Chiaráin linn faoi cad a bhí le rá ag an Taoiseach sa Bhruiséil inniu áit a bhfuil sé i láthair ag Cruinniú Mullaigh de chuid an Aontas Eorpaigh.
Inniu: Áine Ní Chiarán (Tráchtaire Polaitíochta); Anne McCabe (Stúirthóir Teilifíse & Scríbhneoir); Dáithí Ó HÉallaithe (Comhairleoir leis an gComhaontas Glas); Seán Ó hArgáin (Príomhoide Ghaelscoil Osraí Cill Chainnigh); Pacáiste Aifreann in omós Seán P ó hÉalaí; Cuán Ó Flatharta (Mír Spórt); Conall Mac Dhonnagáin (Mír Siamsaíochta
Cé atá luaite le post láithreoireacht an Late Late Show a fháil théis ar fógraíodh Ryan Tubridy an tseachtain seo chaite go bhfuil sé á fhágaint. Oíche ar siúl amárach I gClub Chonradh agus tuilleadh á phlé ag Conall ar Mír na Siamsaíochta.
Bhí Dáithí Ó hÉallaithe agus Seán Ó hArgáin linn ag caitheamh súil siar ar na scéalta mór na seachtaine. Ina measc na scéalta seo bhí Rún Sinn Fhéin ar an gcosc díshealbhaithe, cuairt cheannaire na Síne ar an Rúis agus tuilleadh.
Tá fear sna seascaidí agus bean sna caogaidí á gceistiú ag na Gardaí maidir le bás buachalla nubheirthe a dtángthas ar a chorp ar thrá i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí mí Aibreán 1984. Labhair Anne McCabe linn faoi seo.
Eagraíodh aifreann agus teacht le chéíle I mBaile Átha Cliath inniu I gcuimhne ar Sheán P Ó hÉalaí an t-iar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhásaigh le déanaí. Labhair Fachtna le chuid doibh siúd a bhí I láthair chun omós a léiriú do Sheán P.
An Caithréim Mór agus stair bainte amach ag foireann rugair na hÉireann. 6 Náisiún Rugair na mBan ag tosú an deireadh seachtaine seo, agus CLG á phlé ag Cuán ar scéaltaí spórt inniu.
Deir alt a scíobh Ciarán Dunbar i Seachtain go gcreideann sé go bhfuil an Ghaeilge ina cuid den mhíniú ar cén fáth nár tháinig páirtí i bhfad amuigh ar an eite dheis chun cinn sa tír seo. Labhair Ciarán linn ar an gclár faoin alt ar scríobh sé.
Bhí agóid ag taighdeoirí iar-chéime lasmuigh de Theach Laighean inniu faoi phá íseal agus droch choinníollacha oibre sna hollscoileanna.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.