Inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times); Éamonn Mallie (Iriseoir & Údar); Karl Birthistle; Pádhraic Ó Ciadhra (Léachtóir i Roinn na Nua-Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, Cathaoirleach Ghael Linn); Dr.Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir ar na meáin sóisialta in Ollscoil Oslo); Caoimhe de Barra (Príomhfheidhmeannach Trócaire)
Fuair iar-cheannaire RTÉ Raidio na Gaeltachta agus iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn Brian Mac Aonghusa bás cúpla lá ó shin. Labhair Cathaoirleach Gael Linn agus iar leas-cheannasaí TG4 linn faoi Brian MacAonghusa.
Tá ardú tagtha ar an mbaol ionsaí sceimhlitheoireachta I dTuaisceart na hÉireann dar le MI5 – de réir ráiteas ó Rúnaí Thuaisceart Éireann. Bhí Eamonn Mallie á phlé seo linn.
Tá an rialtas le fiosrúchán reachtúil a bhunú I dtaca le foréigin inscne, ciapadh agus bulaíocht sna fórsaí cosanta. Thug an rialtas a bheannacht inniu do dréacht reachtaíocht chun na dlíthe faoi chúrsaí clúmhillte a leasú. Bhí seo á phlé ag Harry McGee ar pholaitíocht an lae.
Tá sé fógraithe ag Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go bhfuil sé chun a phlean conspóideach chun smacht níos mó a ghlacadh ar na cúirteanna a chur ar athló. É seo stailceanna agus agóidí sa Fhrainc maraon le tubaiste sa Mhéanmhuir á phlé ar an bpainéal idirnáisiúnta inniu.
Inniu: Beo ó Ionad Pobal Baile Formaid; Aengus Ó Snodaigh (TD Sinn Féin); Hazel De Nortúin (Comhairleoir le Pobal Seachas Brabús i mBaile Formaid); Dáithí de Róiste (Comhairleoir le Fianna Fáil i mBaile Formaid); Ruairí McGinley (Cathaoirleach St.Ultans Campus)
De réir innéacs bochtanais a d'fhoilsigh an eagraíocht Pobal i 2016 bhí gach cuid de Bhaile Formaid faoi bhun an méan náisiúnta agus bhí tionchar suntasach ag an mbochtannas ar 86% de Bhaile Formaid. Labhair an painéal ar seo.
Tá nach mór gach ceantar sa tír buailte ag an ngéarchéim tithíochta ach is iad na daoine ag bun an dréimire tithíochta is mó atá ag fulaingt. Labhair an bpainéal ar seo.
Beidh an chéad chruinniú ag an Tionól Saoránach ar Úsáid Dhrúgaí ar an 15 & 16 Aibréan. Labhair an bpainéal faoin tionchar a mbíonn le úsáid drúgaí mídhleathacha ar an bpobal i mBaile Formaid.
15 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.