Thar tréimhse ceithre seachtainí le déanaí bhí pobal Dhún Garbháin gafa ag ráflaí sraith ionsaithe a dúradh a bhí déanta ag inimircigh sa cheantar. Bhí Criostóir Ó Faoláin linn chun seo a phlé.
Shéan an Wall Street Journal inniu go raibh aon bhaint ag a dtuairisceoir sa Rúis Evan Gershkovich le spiaireacht. Tá Gershkovich gafa ag an FSB agus spiaireacht curtha ina leith. Bhí Seamus Martin, iar-chomhfhreagraí an Irish Times i Moscó linn chun na scéaltaí seo a chíoradh.
An bhean is sine beo a rugadh ar an mBlascaod Mór aitheanta i Springfield Massachussetts le déanaí, bean i Lios Tuathail 86 bliain d’aois i mbaol a díothaithe, cúrsa spioradálta Ayahuasca le reáchtáil i Maigh Eo agus tuilleadh á phlé ag Síle Ní Choinceannain i Mír na Meán Áitiúl inniu.
Tá éileamh déanta go mbeadh Tionól Saoránach ann faoi cheist na Gaeilge. An tOllamh Pádraig Ó Duibhir a rinne an moladh agus é ag labhairt le Coiste Gaeilge an Oireachtais inné.
Bhuaigh an rialtas vóta muiníne sa Dáil maidin inniu. Thacaigh 86 teachta dála leis an rialtas agus vótáil 67 ina choinne. Bhí seo á phlé ag Gráinne i bpolaitíocht an lae inniu.
Na Goirt Órga, sraith nua ina ndéantar céiliúradh ar scothionaid spórt an domhain agus eagrán comhar na míosa seo a bhí á phlé ag Brenda Ní Shúilleabháin ar Mír na Meán an tseachtain seo.
Inniu: Agóid Gaeilge4All os comhair Teach Laighean; Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/The Press Association); Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota); Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg); Brenda Ní Shúilleabháin (Mír na Meán)
Eagraíodh léirsiú lasmuigh de Teach Laighean inniu don agóid Gaeilge4All faoi nGaeilge sa chóras oideachais. Labharamar le chuid dóibh siúd a bhí ar an láthair.
Dhiúltaigh Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu do mholadh ó Uachtarán Mheiriceá Joe Biden gur chóir dó a phlean conspóideach chun na cúirteanna a leasú a chaitheamh I dtraipaisí ar fad. Labhair Fionnuala Ní Aoláin linn faoi seo.
12 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.