Le roinnt seachtainí anuas de réir scéal san Irish Times inniu, tá feachtasóirí ag dul isteach i leabharlainne poiblí ag gearáin faoi leabhair a shíleann siad atá mífheiliúnach do dhéagóirí idir dhá bhliain déag d'aois agus seacht mbliana déag d'aois.
Tá breithiúnas tugtha ag an gCúirt Uachtarach go bhfuil na painéalacha toghchán ollscoile do Sheanad Éireann míbhunreachtúil. Bhí Gráinne Ní Aodha linn chun cúlra an gcás a phlé.
Tá an lasair curtha sa bharrach ag vóta ardghiúré i Nua Eabhrach gur chóir Donald Trump a chúisíú i dtaca le hairgead ciúnais a íocadh leis an réalt pornagrafaíochta Stormy Daniels. Bhí Úna Ní Bhroiméil linn chun an scéal seo a phlé.
Bhí an Seanadóir Barry Ward agus an Seanadóir Rónán Mullen linn chun tuilleadh phlé a dhéanamh faoin breithiúnas atá tugtha go bhfuil na painéalacha toghchán ollscoile do Sheanad Éireann míbhunreachtúil.
Tá deireadh seachtaine mór beartaithe do Pháirc an Crócaigh áit a mbeidh Cluichí Ceannais na Sraithe ar siúl. Stephen Cluxton thar nais le BÁC agus foireann rugbaí na mban á phlé ins na scéaltaí spórt.
Tháinig an Rialtas slán ó rún mímhuiníne a bhí curtha os comhair Dháil Éireann ag Páirtí an Lucht Oibre an tseachtain seo. Dúradh an tseachtain seo go raibh & go bhfuil fadhb sna fórsaí cosanta i dtaca le foréigean, géarleanúint & bulaíocht ar mhná agus tuilleadh á phlé i Súil Siar na Seachtaine.
Inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/The Press Association); Seanadóir Rónán Mullen (Seanadóir ar phainéal NUI); Barry Ward (Seanadóir ar an bpainéal tionsclaíoch & trádála); Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le Stair Mheiriceá); Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir Dlí UCC); Deirdre Donnelly (Comhairleoir Condae Neamhspléach); Cuán Ó Flatharta
Inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/The Press Association); John Boyle (Ardrúnaí Chumann Múinteoir Éireann); Séamus Martin (Iar-comhfhreagraí an Irish Times i Moscó); Criostóir Ó Faoláin (Ionadaí áitiúl don Chomhaontas Glas i nDún Garbhán); An tOllamh Pádraig Ó Duibhir (Stiúrthóír SEALBHÚ); Síle Ní Choinceannain
Chuirfidh Uachtarán Meiriceá Joe Biden tús lena chuairt chuig Éireann ar an 11ú lá de Mí Aibreán. Tosnóidh an chuairt i mBéal Féirste ar an 11ú Aibreán, sula tiocfaidh sé go Baile Átha Cliath agus beidh sé ag fágaint Éireann ar an 15ú Aibreán.
Beidh na mílte páistí bunscoile i dteideal béile te saor in asice gach lá anois, faoi scéim rialtas. Ó mhí Meán Fómhair seo ar aghaidh, beidh béile te á fháil ag gach páiste i mbunscoil DEIS agus tá sé i gceist go mbeidh seo ar fáil do gach páiste bunscoile sa tír ó 2024 ar aghaidh.
6 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.