Tá sé deimhnithe go bhfuil an Taoiseach chun cuairt a thabhairt ar Loch Garmann amárach chun buaileadh le foireann an oispidéil agus na seirbhísí éagandála ann. É seo agus cáipéis Pobal Seachas Brabús á phlé ag Eoin Ó Catháin inniu.
Tír bheag oiléanda san Aigéan Chiúin is ea Vanuata, gan ach tuairim is 300,000 duine ag maireachtáil inti. Fógraíodh inniu go raibh astachtaí C02 ó ghiniúint fuinnimh níos airde ná riamh i 2022 - bhí Mícheál Ó Cinnéide linn á phlé.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Mícheál Ó Cinnéide (Iar Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhú Comhshaoil); Hazel de Nortúin (Comhairleoir Pobal Seachas Brabús), Máiréad Farrell (TD i nGaillimh Thiar); Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Oisín Mistéil
Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge inniu, féile bliantúil a eagraíonn Conradh na Gaeilge. An ndéanann Seachtain na Gaeilge aon leas do pobal labhartha na Gaeilge nó don Ghaeltacht? Pléadh seo ar an gclár.
Tá an fear gnó Denis Ó Brien chun smacht a chailliúnt ar an gcomhlacht fón póca Digicel taréis do margadh a dhéanamh le sealbhóirí bannaí chun fiacha an chomhlachta a laghdú. Bhí Conall Ó Móráin linn chun é seo a phlé.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Conall Ó Móráin (Craoltóir agus Saineolaí ar chúrsaí airgeadais); Orlaith Nic Ghearailt (Bainisteoir Seachtain na Gaeilge); Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir le The Corkman); Antón Beag Ó Colla
Tá neart altanna sna meán le déanaí ag caint faoi meoin nua i leith na Gaeilge. Bhí Antóin Beag Ó Colla linn á phlé seo mar aon le Réaltaí na Gaeltachta clár nua ar RTÉ a bhíonn réaltaí mór le rá ag foghlaim Gaeilge. Phlé sé an clár faoi Denis Cahill ar Mír na Meán freisin.
Dúirt an Ceannaire nua na nDaonlath Sóisialta ag imeacht a eagraíodh chun í a chur i láthiar ina ról nua go bhfuil sí tiomanta i leith an ról nua. Bhí Eoin ó Catháin linn chun seo a phlé. Chualamar freisin ó Paul Melville agus Eoin Ó Broinn a bhí fé agallamh ag Eoin Ó Catháin níos luaithe.
Ag labhairt faoi Prótacal an Tuaisceart agus an réiteach atá déanta anois a bhí Séin Ó Muineacháin.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.