Inniu: Nadia Dobrianska (Tuairisceoir & Teifeach Úcráineach in Éirinn); Pacáiste - Léirsiú i mBÁC); Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta the Irish Times); Mary Hanafin (Comhairleoir le Fianna Fáil); Antoine Ó Coileáin (Iar-príomhfheidhmeannach Gael Linn); Cuán ó Flatharta le spórt agus Conall Mac Dhonnagáin ar siamsaíocht
Bhí Mary Hanafin agus Antoine Ó Coileáin linn ag súil siar ar scéalta móra na seachtaine. Bliain ó thosaigh Cogadh na hÚcráine; Pacáiste maireachtála fógartha ag an rialtas an tseachtain seo; Gaeilge T1 agus T2 san Ardteist á phlé acu.
Bhí Harry McGee linn ar chúrsáí polaitíochta agus ag plé cad a bhí ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar inniu, go n-eireoidh leis an Úcráin ina cogadh i gcoinne na Rúise agus gheall sé go leanfadh tacaíocht na hÉireann don tír ar aghaidh.
Séasúr na nGradam - Gaeilge á labhairt ag Paul Mescal ar an gcairpéad dearg na BAFTA's; Scannán The Banshees of Inisherin agus tuilleadh á phlé ag Conall Mac Dhonnagáin ar Mír na Siamsaíochta inniu.
Comórtas Peile Páidí Uí Shé a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo i leithinis Corca Dhuibhne; Éire ag imirt i gcoinne an Iodáil sna Sé Náisiún agus riail comhtholgadh sa sacair á phlé ag Cuán ó Flatharta inniu.
Shínigh Iarnróid Éireann agus Bord Soláthair an Leitreachais comhaontú chun comh-oibriú lena chéile ina bpleannana i gcóir tógraí gaoithe eischósta. Bhí Frank Allen linn ar an gclár chun seo a phlé.
An t-am seo bliain ó shin thrasnaigh fórsaí Rúiseacha an teorainnón tuaisceart, ón oirthear agus ón oirdheisceart. Bhí Séamus Martin agus Eoghan Ó Neachtain linn chun súil siar ar bhlian den gCogadh Úcráineach
Comóradh a dhéanamh um tráthnóna ar eachtra tragóideach a tharla sa Chabháin ceithre scór bliain ó shin. É seo agus tuilleadh scéalta á phlé ag Rob Ó Conchúir i Mír na Meán Áitiúl
Tá triúir fear gafa anois ag an PSNI faoi ionsaí lámhaigh a rinneadh ar phóilín sinsearach san Ómaí i gCo.Thír Eoghain aréir. Lámhach an Príomh-Chigire John Caldwell roinnt mhaith babhtaí agus tá bail chriticiúil ar san oispidéil. Bhí Ciarán Dunbar linn chun seo a phlé.
Tá cur agus cúiteamh i gcónaí ann faoin gcosc ar díshealhú, ar pléadh sa Dáil le linn díospóireacht na gceannairí innu. Bhí Eoin Ó Catháin linn leis an scéal is déanaí.
6 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.