D'fhógair Vladmir Putin inniu go dtarraingeodh an Rúis amach as conradh le Meiriceá chun srian a choimeád ar arm núicléach. É seo agus tuilleadh á phlé ag Caoimhe de Barra agus Ronan MacCrea
Bhí Róisín Ní Chinnéide agus Clare Markey linn ag phlé cúrsa Gaeilge T1 agus T2 don ardteist - plean atá ana chuid conspóide bainteach leis le cúpla bliain anuas.
D'fhógair an Rialtas pacáiste cúnaimh inniu chun dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála. I measc na mbeartas tá beartais a cabhróidh le leanaí, pinsinéirí, cúramóirí agus gnólachtaí beaga.
Tá sé fógraithe ag an tAire Stáit Patrick Donovan go bhfuil €150,000 á chur ar fáil ag a Roinn do Gníomhaireacht na hUltaise agus go mbeidh cuid den mhaoiniú sin ag dul i dtreo bannaí máirseálla i gcontaetha na teorann.
Níl socraithe déanta go fóill maidir le Prótocal Tuaisceart na hÉireann. Tá cuma ar an scéal nach bhfógrófar margadh inniu nó amárach agus deir an DUP nach bhfuil siad ag súil le margadh an tseachtain seo fiú.
Tiger Woods ag tabhairt súitín do Justin Thomas sa 9ú phoill ins an chéad Babhta don Gensis Invitational agus cúrsaí rialacha sa Cumann Lúthchleas Gael a bhí á phlé ag Cuán ó Flatharta ins na scéaltaí spórt.
Dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson go bhfuil dul chun cinn déanta ach go bhfuil gá le tuilleadh oibre sula n-aontófar comhaontú faoi Prótacal an Tuaisceart. Bhí Ronan MacCrea agus Ian Malcolm linn ar an gclár chun seo a phlé.
Grá ar an Trá - clár teilifíse atá ag lorg daoine singil chun léithéid Love Island a dhéanamh agus ceoldráma ar thóir príomhaisteora don seó acu i mí Aibreán chun páirt Mattress Mick a imirt - é seo go léir á phlé ag Conall.
6 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.