Inniu: Ronan MacCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil in Ollscoil Cathair Londain), Ian Malcolm (Údar & Tráchtaire), Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta), Darragh Adelaide (Páirtí Pobal Seachas Brabús) Norita Ní Chartúir (Ollscoil na Gaillime), Cuán ó Flatharta agus Conall Mac Dhonnagáin
Tá an feachtas Éire do chách ag eagrú slógaí ar fud na tíre amárach chun dlúthpháirtíocht a léiriú do theifigh. Bhí Áine Ní Chiaráin linn chun cainte faoi seo agus faoi Tommy Robinson atá in Éire faoi láthair.
Ar Siúl Siar na Seachtaine an Aoine seo, bhí Darragh Adelaide agus Norita Ní Chartúir ag caint faoi Nicola Sturgeon ag éirí as a ról, cíosanna príobháideacha agus scéal Laoise Ní Scolaí a cailleadh nuair a cuireadh poill ina croí trí thimpiste le linn obráide.
Dúirt an tAire Comhshaoil Eamonn Ryan inné gur chóir do chomhlachtaí fuinnimh a bpraghasanna a ghearradh mar go bhfuil costaisí mórdíola gáis ag titim. Bhí Brian Ó Ceallaigh á phlé seo ar an gclár.
Thug Parliament Iosrael beannacht do dhlí chun a cheadódh don rialtas Pailistínigh a bhfuil saorántacht Iosraelach acu a chiontaíter i sceimlitheoireachta a dhíbhirt as an tír agus a saorántacht a chur ar ceal.
Ábhar céiliúradh ag an údar Tadhg Mac Dhonnagáin agus an leabhar "Madam Lazarre" a scríobh sé aistrithe díreach go Eastóiníse. Labhair Tadhg agus an aistritheoir Eastóinise Indrek Ois le chéile den chéad uair beo ar an gclár.
Scéalta fapo theaglaigh in Éirinn a chaill gaolta sa chrith talún sa Túirc agus sa tSiria. Scéal faoi bradaíl bó i gCiarraí agus tuilleadh á phlé ag Conchubhar Ó Liatháin ar mír na meán áitiúl.
Inniu: Elaine Loughlin (Leas Eagraí Polaitíochta an Irish Examiner), Brian Ó Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadais, DCU), Cuan Ó Seireadáin (Tuairisceoir ar chúrsaí Idirnáisiúnta), Tadhg Mac Dhonnagáin (Scríbhneoir & Foilsitheoir), Indrek Ois (Aistritheoir sa Choimisiún Eorpach), Conchubhar Ó Liatháin (Iriseoir le the Corkman)
Tá sé deimhnithr ag an bhFeisire Eorpach Mick Wallace gur thuill sé thuas le €499 sa mhí mar chomhairleoir do chomhlacht atá i mbun trí béar fíona i mBaile Átha Cliath. É seo agus tuilleadh á phlé ag Elaine Loughlin ar chúrsaí pholaitíochta inniu.
Díoladh nach mór 600 eagrán den nuachtán Gaeilge INNIU ar €550 ag ceant maidin inniu. Bhí INNIU ar an bhfód idir 1943 agus 1984. Bhí Katie Whelan linn ar an gclár chun cainte faoi seo.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.