Tá an plean go suíodh daltaí Ardteiste Páipéar a hAon i nGaeilge agus i mBéarla ag deireadh na cúigiú bliain curtha ar athló ag an Aire Oideachas Norma Foley. Bhí Muireann Ní Mhóráin agus Clare Markey linn ar an gclár chun seo a phlé.
Bhí roinnt foréigean sa Phailistín le roinnt laethanta anuas, sraith ionsaithe díoltais déanta ag lonnaitheoirí Iosráileacha gar do Nablus, a d'fhág Pailistíneach amháin marbh agus nach mór 400 Pailistíneach gortaithe. É seo mar aon le Toghcháin sa Nigéir agus Forbairtí Cogaidh i Bakhmut na hÚcráine á phlé ar an bPainéal Idirnáisiúnta.
Inniu: Eoin Ó Catháin(Eagraí Polaitíochta RnaG); Séin Ó Muineacháin(Comhairleoir Contae FF ar Comhairle Contae BÁC Theas); Muireann Ní Mhóráin(Iar-Phríomhfheidhmeannach COGG); Clare Markey (Múinteoir Gaeilge i dTamhlacht); Dr.Bairbre Ní Chíosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Cuán Ó Seireadáin (Coimeádaí le Conradh na Gaeilge)
Bhí Príomh Aire na Breataine Rishi Sunak ag labhairt le hionaide ón earnáil gnó ag monarcha Coca Cola i Lios na gCearrbhach i gCo. Aontrama inniu. É seo agus na líomhaintí déanta ag an suíomh idirlín The Ditch faoi iarratas pleanála a rinne an tAire Stáit Niall Collins á phlé ag Eoin Ó Catháin ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá Conradh na Gaeigle ag iarraidh go gcaithfí €223 milliún breise ar an nGaeilge ó thuaidh agus ó dheas faoin mbliain 2029. Tá an méid seo ráite i bplean infheistíochta an Chonradh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Tá gnéithe den slí ar dhéiláil an stát seo leis an bpaindéim Covid19 cáinte ag iar-bhall de NPHET, an tOllamh Martin Cormican. Bhí an phainéal á phlé an pháipéar a scríobh Martin Cormican inniu.
Dr. Art Hughes, Ollamh le Gaeilge in Ollscoil in Ulaidh; Dr. Seán Ó Conaill, Léachtóir Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh; Caoimhe Ní Mhaolaí, Mac Léinn Dlí & Polaitíochta i gColáiste na Tríonóide; Niamh Uí Bhrian, Gript; Alan Dukes Iar Cheannaire FG; Ian Malcolm, Tráchtaire ar Chúrsaí Aontachta & Niall Ó Gallchóir, Comhfhreagraí Polaitíochta
Mar chuid den gcomóradh ar bhliain ó thosaigh an cogadh san Úcráin bhí uallach mór léirsithe eagraithe timpeall na tíre chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na hÚcráin. Bhí léirsiú san ard cathair áit ar bhuail Aonghus Ó Lochlainn le Donnchadh Ó hÉallaithe
Labhair Nadia Dobrianska teifeach Úcráineach le Fachtna faoi na cuimhní a bhí aici bliain ar aghaidh ó thosaigh an Cogadh san Úcráin
12 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.