Bhí Cuan Ó Seireadáin agus Bairbre Ní Chíosáin linn ar An Painéal Idirnáisiúnta ag déanamh plé ar an Bhreataimeacht. Scéalta faoin Úcráin agus an Phacastáin le chlois freisin.
Léiríonn pobalbhreith ón Belfast Telegraph go bhfuil tacaíocht an TUV méadaithe dhá phointe go dtí 7% agus go bhfuil laghdú dhá phointe go 25% ar thacaíocht an DUP. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
Deir tuairisc ón Irish Times go bhfuil an rialtas ag smaoineamh ar shrian ama a chur leis an tacaíocht a chuireann siad ar fáil do theifigh, go háirithe ó thaobh soláthar tithíochta de. Pléimid é seo leis an bpainéal.
Maraíodh ar a laghad 35 Palaistíneach go dtí seo i mí Eanáir, an mhí is marfaí do Phalaistínigh ar an mBruach Thiar ó 2015. Pléimid é seo leis an bpainéal.
Ar an gclár inniu: Seán Ó Dubhchon (Craoltóir, Scríbhneoir agus Múinteoir), James Knoblauch (Sainchomhairleoir bainistíochta le Ernst & Young Éire), Aoife Ní Shúilleabháin (Eagraí le SIPTU), Art Hughes (Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ulaidh).
Tá cúigear póilíní cúisithe i ndúnmharú Tyre Nichols i Memphis agus físeán ó cheamara coirp na bpóilíní á eisiú anocht. Pléimid é seo leis an Ollamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson, New Jersey, Údar agus Tráchtaire).
Mharaigh fórsaí Iosrael naonúr Pailistíneach i ruathar ar champa teifeach Jenin ar an mBruach Thiar inné. Labhraímid faoi seo le hAngus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe).
Inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis, UN), Brian Ó Broin (Údar agus Ollamh in Ollscoil William Patterson, NJ), Caitríona Ní Chatháin (Gníomhaí don Pháirtí Sóisialach), Mícheál Ó Ruairc (Scríbhneoir agus Múinteoir), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
49 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.