Deir Aodhán Ó Ríordáin (Teachta Dála do Chuan BhÁC Thuaidh agus Urlabhraí Oideachais Pháirtí an Lucht Oibre) go bhfuil ag teip ar Fhianna Fáil deireadh a chur le héilíteachas i bpolasaithe iontrála scoileanna mar gheall ar thosaíocht do pháistí le hiardhaltaí. Labhraímid faoi seo leis.
Tugann Rónán Ó Muirthile a léirmheas dúinn ar ‘Misneach’ agus ‘Laochra Gael’ ar TG4 agus labhraímid faoin ainmniúchán Oscar atá faighte ag ‘An Cailín Ciúin’.
D’fhógair an Ghearmáin go bhfuil siad chun tancanna a chur chun na hÚcráine. Pléimid é seo le Seosamh Ó Cuaig (Colúnaí le Tuairisc.ie, Iar-chomhairleoir condae agus iar-bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta) agus Alan Dukes (Iar-Chathaoirleach Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn, Iar-Aire Airgeadais agus Iar-Cheannaire Fhine Gael).
Pléifear nasc na Gaeilge leis an éiceolaíocht agus agus leis an bhfiontraíocht ag Scoil Gheimhridh Merriman an deireadh seachtaine seo ar Bhóthar na Trá i nGaillimh. Labhraímid faoi seo le Dr Deirdre Nic Mhathúna (Cathaoirleach ar Chumann Merriman agus Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Seosamh Ó Cuaig (Colúnaí le Tuairisc.ie), Alan Dukes (Iar-Chathaoirleach Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn), Aodhán Ó Riordáin (TD agus Urlabhraí Oideachais Pháirtí an Lucht Oibre), Dr Deirdre Nic Mhathúna (Cathaoirleach ar Chumann Merriman) agus mír na meán le Rónán Ó Muirthile.
Conspóid faoi chostais Shinn Féin i dtoghchán 2016 agus moill ar dhigitiú sa chóras sláinte - scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
Labhair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe os comhair na Dála arís inniu chun ceisteanna ar shíntiúis pholaitíochta a fuair sé le linn thoghcháin 2016 agus 2020 a phlé. Pléimid é seo le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Máiréad Farrell (TD agus Urlabhraí Caiteachais Phoiblí Shinn Féin) agus Fergus O’Dowd (TD le Fine Gael).
Ainmníodh ‘An Cailín Ciúin’ don scannán lánfhada idirnáisiúnta is fearr ag na Oscars inniu. Labhair Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG) le Colm Bairéad (Stiúrthóir), Cleona Ní Chrualaoí (Léiritheoir), Pádraig Ó Sé (Aisteoir), Catherine Clinch (Aisteoir) agus Carrie Crowley (Aisteoir) ag imeacht i bpictiúrlann an Stella i mBÁC inniu.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Máiréad Farrell (TD agus Urlabhraí Caiteachais Phoiblí Shinn Féin), Fergus O’Dowd (TD le Fine Gael), Emmet Ryan (Iriseoir ón Business Post agus ball de Chill Mochuda na Crócaigh), Lisa Nic an Bhreithimh (Gníomhaí agus Tuairisceoir) agus Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa).
D’fhéadfaí Craobh Shinsear Pheil na gClub a athimirt má thaisceann an Gleann achomharc de bharr imreoir sa bhreis a bheith ar an bpáirc ag na Crócaigh. Labhraímid faoi seo le hEmmet Ryan (Iriseoir ón Business Post agus ball de Chill Mochuda na Crócaigh).
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.