Scannal caimiléireachta san Úcráin agus armlón na Gearmáine - pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Lisa Nic an Bhreithimh (Gníomhaí agus Tuairisceoir) agus Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa).
Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine nach gcuirfeadh an Ghearmáin bac ar an bPolainn tancanna de dhéantús na Gearmáine a chur chun na hÚcráine. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
Deir léirmheastóir scannán ón Irish Times, Donald Clarke, gur dócha go mbeidh An Cailín Ciúin i measc na n-ainmniúchán amárach don Oscar don scannán is fearr i dteanga eachtrannach. Pléimid é seo leis an bpainéal.
Ar an gclár inniu: Brenda Ní Shúilleabháin (Iar-Phríomhoide agus Scannánóir), Ciarán Ó Pronntaigh (Iriseoir agus Bainisteoir an Áisaonaid), Kevin Burns (Iar-Cheann Cúrsaí Reatha Raidió RTÉ agus léiritheoir Prime Time) agus Míde Nic Fhionnlaoich (Oifigeach Leasa, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath).
Deir tuarascáil ón gCoimisiún Meabhairshláinte gur fágadh breis agus 100 páiste le galar meabhrach gan chúram ar feadh suas le dhá bhliain. Pléimid é seo leis an bpainéal.
Máthairchomhlacht Google ag tabhairt bata agus bóthar d’fhostaithe agus teifigh fágtha gan dídean - scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times).
Conspóid le Paschal Donohoe, Coimisinéir Teanga ag éirí as, dul chun cinn le Prótacal Thuaisceart Éireann agus armlón don Úcráin - pléimid príomhscéalta na seachtaine le Réaltán Ní Leannáin (Scríbhneoir), Ciarán Dunbar (Iriseoir ón Belfast Telegraph).
Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi chluichí ceannais na gclub agus cluichí idirchontae sa pheil agus san iomáint, sraith Pheil na mBan ag tosú le BÁC i gcoinne na Mí agus painéal Sé Náisiún na hÉireann ainmnithe i rugbaí na bhfear.
Tá Airí Cosanta ag teacht le chéile inniu sa Ghearmáin le labhairt faoi bhreis armlóin agus tacaíochta a thabhairt don Ucráin. Pléimid é seo le Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil).
Ar an gclár inniu: Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil), Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times), Réaltán Ní Leannáin (Scríbhneoir), Ciarán Dunbar (Iriseoir ón Belfast Telegraph), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
47 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.