Costais toghcháin, tancanna don Úcráin agus ainmniúchán ag An Cailín Ciúin - pléimid príomhscéalta na seachtaine le Caitríona Ní Chatháin (Gníomhaí don Pháirtí Sóisialach agus Múinteoir meánscoile i Luimneach) agus Mícheál Ó Ruairc (Scríbhneoir, File, Múinteoir agus Smaointeoir).
Géarchéim tithíochta ag éirí níos measa do theifigh agus daoine gan dídean agus naonúr Teachtaí Dála le Fine Gael nach seasfaidh sa chéad olltoghchán eile - scéalta móra an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi ‘The Aisling Programme’ le Smashing Times, Imbolc, Teach Teidí le Sadhbh Rosenstock, Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach, Scoil Gheimhridh Merriman agus seoladh EP le Miadhachlughain O'Donnell.
Deir Fórsa go bhféadfadh oibrithe a phléann le míchumas intleachtúil, meabhairshláinte agus ionsaí baile is gnéis dul ar stailc mar gheall ar chúrsaí pá. Pléimid é seo le Paul McSweeney (Leas Ard Rúnaí Fórsa).
Deir tuarascáil neamhfhoilsithe ón gCoimisiún Tithíochta go bhféadfadh go mbeadh gá suas le 62,000 teach nó árasán i aghaidh na bliana a thógáil go dtí 2050 chun freastal ar an éileamh ar thithíocht. Labhraímid faoi seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath).
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, DIT/TUD), Paul McSweeney (Leas Ard Rúnaí Fórsa), Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, TCD) agus mír na meán áitiúil le Síle Ní Choincheannain (Léachtóir le Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál).
Dúirt Rúnaí Chomhairle Slándála na Rúise Nikolai Patrushev go bhfuil Meiriceá agus NATO páirteach sa choimhlint san Úcráin mar go bhfuil siad ag seoladh tancanna chun na hÚcráine. Labhraímid faoi seo le Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Tríonóide BÁC).
Insíonn Síle Ní Choincheannain (Léachtóir le Gaeilge I gColáiste Mhuire gan Smál) scéalta dúinn ón Clare Champion, Wexford Weekly, Derry Now, Meath Chronicle agus Mayo News.
10 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.