Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Darragh Adelaide (Ball den pháirtí Pobal Seachas Brábús), Muireann Ní Mhóráin (Iar-Phríomhfheidhmeannach COGG), Edel Ní Churraoin (Craoltóir agus Ceoltóir) agus Déaglán de Bréadún (Iriseoir, Údar agus Colúnaí leis an Irish News).
Deir Cumann na Suirbhéirí Cairte gurb ionann tiarnaí talún ag díol a réadmhaoine agus tuairim is 40% de dhíolacháin réadmhaoine na tíre le ceithre mhí anuas. Pléimid é seo le Ruairí McGinley (Cuntasóir agus Iar-Chomhairleoir Cathrach).
Tá agóidí ar siúl i gceantair áirithe i mBaile Átha Cliath toisc gur lonnaíodh ionaid do theifigh iontu. Labhraímid faoi seo le hAengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin).
Inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times), Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Ruairí McGinley (Cuntasóir), Aengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin), Dr Niall Comer (Léachtóir sa Ghaeilge in Ollscoil Ulaidh), Jen Ní Mhathúna (Múinteoir bunscoile), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
Neale Richmond ceaptha ina Aire Stáit, brú breise ar Damien English agus cás Seán Binder - scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times) agus Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
Damien English éirithe as mar Aire Stáit, conspóid le Rúnaí Eachtrach na Breataine agus agóidí i gcoinne na dteifeach - pléimid príomhscéalta na seachtaine le Dr Niall Comer (Cathaoirleach Chomhaltas Uladh agus Léachtóir sa Ghaeilge in Ollscoil Ulaidh) agus Jen Ní Mhathúna (Múinteoir bunscoile).
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Peadar Tóibín (TD agus Ceannaire Aontú), an tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson i New Jersey, Údar agus Scríbhneoir), Dónal Ó Maolfabhail (Stiúrthóir Bainistíochta Scun Scan Productions) agus mír na meán áitiúil le Áine Mhaoir (podchraoltóir).
Cuirfear tús le sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh a scrúdóidh an bealach ar bhain Saorstát Éireann aitheantas ar leith amach ar an stáitse domhanda ó bunaíodh é céad bliain ó shin. Labhraímid le léiritheoir na sraithe Dónal Ó Maolfabhail (Stiúrthóir Bainistíochta Scun Scan Productions).
12 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.