Damien English éirithe as mar Aire Stáit agus ceannairí na bpríomhpháirtithe ag cruinniú i mBéal Feirste - scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
Tá Uachtarán Mheiriceá Joe Biden faoi bhrú i ndiaidh do NBC a thuairisciú gur aimsíodh tuilleadh cáipéisí rúnda a raibh baint aige leo ag láthair eile nár chóir dóibh a bheith ann. Pléimid é seo leis an Ollamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson i New Jersey, Údar agus Scríbhneoir).
Deir Peadar Tóibín (TD agus Ceannaire Aontú) gur cheart do gach páirtí polaitiúil iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid Teachtaí Dála le fiosrú an bhfuil aon dlí briste acu i dtaca lena gcuid réadmhaoine. Labhraímid faoi seo leis.
Bhuaigh "The Banshees of Inisherin” an duais don cheoldráma nó scannán grinn is fearr, bhuaigh scríbhneoir agus stiúrthóir an scannáin Martin McDonagh an duais don script is fearr agus bhuaigh Colin Farrell an duais don aisteoir is fearr. Labhraímid faoi seo le Diane Ní Fhlatharta (ar Inis Mór).
Tugann Antoin Beag Ó Colla (scríbhneoir scripte) a léirmheas dúinn ar ‘Moving West’ ar TG4 agus eagrán mhí Eanáir d’iris Comhar agus pléimid an comórtas Eurofíse.
Diúltú ó rialtas na Breataine cuireadh a thabhairt do Cheannaire Shinn Féin freastal ar chruinniú faoin bprótacal agus feisire Eorpach ag moladh cúiteamh a lorg ó Iosrael mar gheall ar fhoirgnimh a scrios údaráis Iosrael sna críocha gafa - scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
Maíonn an comhlacht míleata Wagner go bhfuil baile Soledar in oirthear na hÚcráine gafa acu ach deir an Úcráin go bhfuil an cath don bhaile fós ar siúl. Labhraímid faoi seo le Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus iarbhall de chuid Óglaigh na hÉireann).
Tuigtear go ndúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige go mbeidh óstáin a bhfuil teifigh iontu faoi láthair ag filleadh ar an margadh turasóireachta san Earrach. Pléimid é seo le Piaras Mac Éinrí (Léachtóir sa Roinn Tíreolaíochta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Iar-thaidhleoir).
10 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.