Moltaí Choiste Eanáir 6 agus seirbhísí slándála na Rúise ag streachailt sna críocha gafa – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach) agus Colm Ó Néill (Abhcóide).
D’fhoilsigh an ESRI staidéar nua faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le hioncam uilíoch a chur i bhfeidhm in Éirinn. Labhraímid faoi seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath).
Táthar ag tuairisciú go bhfuil an tAire Comhshaoil Eamon Ryan ag iarraidh carr amháin as gach cúig charr sa tír a bhaint de na bóithre faoin mbliain 2030. Pléimid é seo le hÉamon Ó Cuív (TD le Fianna Fáil).
Bhí ar Mhuireann Uí Dhúnlaing (Múinteoir bunscoile i mBaile Átha Cliath) cuairt a thabhairt ar ospidéal Thamhlachta le páiste tinn an deireadh seachtaine seo caite ach chuir róphlódú moill ar a cuairt. Labhraímid faoi seo léi.
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG), Muireann Ní Dhúnlaing (Múinteoir bunscoile), Éamon Ó Cuív (TD le Fianna Fáil), Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath), Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach) agus Colm Ó Néill (Abhcóide).
Vótáil 57% de dhaoine a d’fhreagair suirbhé de chuid Elon Musk ar Twitter gur cheart do Musk éirí as mar phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht. Pléimid é seo leis an bpainéal.
Deir scoileanna príobháideacha go bhfuil orthu a dtáillí a ardú mar go bhfuil siad á fhágáil ar lár ó scéim maoinithe stáit le cabhrú le scoileanna leis an méadú ar chostas fhuinnimh. Pléimid é seo leis an bpainéal.
Tá a mbeannacht tugtha ag tíortha an domhain do chomhaontú chun bithéagsúlacht an domhain a chosaint ag comhdháil Cop 15 i gCeanada. Pléimid é seo leis an bpainéal.
D’aithin an Comhairle Ealaíon gur gá dóibh níos mó a dhéanamh le tacú le litríocht na Gaeilge agus d’fhoilsigh siad plean le beartais agus spriocanna ama cinnte chun seo a bhaint amach. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.