Ospidéil faoi bhrú agus rialacha faoi chlúdaigh aghaidhe á bplé – scéalta móra an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta) agus Dr Anthony O’Connor (Dochtúir Comhairleach in Ospidéal Thamhlachta).
Tá na húdaráis ag fiosrú líomhaintí go raibh buíon eagraithe ag teacht i dtír ar chailíní sna déaga a bhí faoi chúram an stáit, á dtabhairt go tithe ósta agus ag baint mí-úsáid gnéis astu. Labhraímid faoi seo le Clíona Saidléar (Príomhfheidhmeannach Gréasán Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe).
Zelensky i Meiriceá, Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, róphlódú sna hospidéil, Aire Stáit nua don Ghaeltacht agus An Cailín Ciúin ar an ngearrliosta do ghradam Oscar – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Seán Ó Muireagáin (Údar) agus Caoimhe Ní Mhaolaí (Mac Léinn Dlí agus Polaitíochta i gColáiste na Tríonóide).
Ar an gclár inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Dr Anthony O’Connor (Dochtúir Comhairleach), Clíona Saidléar (Príomhfheidhmeannach an RCNI), Seán Ó Muireagáin (Údar), Caoimhe Ní Mhaolaí (Mac Léinn Dlí agus Polaitíochta, TCD), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Criostóir ó Faoláin (Ionadaí áitiúil don Chomhaontas Glas i nDún Garbhán), Frank Allen (Cathaoirleach Iarnród Éireann agus Cathaoirleach Corre Energy), Mícheál Ó Cinnéide (Iar-stiúrthóir an EPA), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá) agus mír na meán le hAntoin Beag Ó Colla.
Foilsíodh an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide inniu, inar beartaíodh laghdú 20% ar thurasanna gluaisteáin i measc eile. Pléimid é seo le Criostóir ó Faoláin (Ionadaí áitiúil don Chomhaontas Glas i nDún Garbhán), Frank Allen (Cathaoirleach Iarnród Éireann agus Cathaoirleach Corre Energy) agus Mícheál Ó Cinnéide (Iar-stiúrthóir an EPA).
Tá Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i Washington inniu le bualadh le hUachtarán Mheiriceá Joe Biden. Labhraímid faoi seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
Tugann Antoin Beag Ó Colla a léirmheas dúinn ar chlár faisnéise faoi An Triail ar Raidió na Life, eagráin na Samhna agus na Nollag d’iris Feasta agus ‘Anton O’Toole - Finscéal de Shaol GAA’ ar TG4.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.