D’fhógair Met Éireann go bhféadfadh an teocht a bheith chomh híseal le -4°C roimh dheireadh na seachtaine. Labhraímid faoi seo le Ferdia McCrann (Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann).
Tuairiscíodh inné go raibh an tAire Oideachais Norma Foley ag breathnú ar phlean chun bac a chur ar shosanna gairme do mhúinteoirí le dul i ngleic leis an easpa múinteoirí sa tír, cé go bhfuil an tAire í féin ar shos gairme ón múinteoireacht. Pléimid é seo le John Boyle (Ardrúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, an INTO).
Tá muintir Georgia ag vótáil i dtoghchán réitigh don suíochán deireanach i Seanad Mheiriceá inniu agus an Daonlathaí Raphael Warnock ag iarraidh an suíochán a choimeád ón bPoblachtánach Herschel Walker. Labhraímid faoi seo leis an Ollamh Brian Ó Broin (Údar, Scríbhneoir agus Ollamh in Ollscoil William Patterson, New Jersey).
Ballraíocht san Aontas Eorpach á lorg ag tíortha Balcánacha, cosc ar ghnéas lasmuigh de phósadh san Indinéis agus foréigean sa Chongó – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Lisa Nic An Bhreithimh (Gníomhaí agus Tuairisceoir) agus Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil).
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag fiosrú bhás linbh mar go bhfuil amhras orthu go raibh baint ag streipteacocas den ghrúpa A (Strep A) leis. Labhraímid faoi seo le Dr Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir Teaghlaigh i Sraith an Urláir).
Tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bhreag le deich mbliana anuas ó 562,000 duine go 538,000 duine. Pléimid é seo le Ben Ó Ceallaigh (Saoraistritheoir & Iar-Léachtóir sa Léann Ceilteach in Ollscoil Aberystwyth sa Bhreatain Bheag).
Bac ar shos gairme molta do mhúinteoirí, conradh sóisialta briste, cur is cúiteamh faoi pholasaithe tithíochta agus athrú airí ar na bacáin – scéalta móra an lae le Mícheál Ó Braonáin (Eagraí polaitíochta an Business Post).
Inniu: Mícheál Ó Braonáin (Eagraí polaitíochta an Business Post), Dr Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir Teaghlaigh), Ben Ó Ceallaigh (Saoraistritheoir & Iar-Léachtóir sa Léann Ceilteach), Brian Ó Broin (Ollamh, Ollscoil William Patterson, NJ), Lisa Nic An Bhreithimh (Gníomhaí & Tuairisceoir) agus Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa).
Inniu: Ciarán Mac an Bhaird (Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU), Clíona Saidléar (Príomhfheidhmeannach Ghréasán Náisiúnta Ionaid Géarchéim Éignithe), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe), Norita Ní Chartúir (Teagascóir sa chraoltóireacht raidió, OÉG) agus Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir).
49 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.