Tá ceathrar gafa ag na póilíní sa Bheilg, duine de Leas-Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa ina measc, i bhfiosrúchán a bhaineann le líomhaintí go raibh breabanna á dtabhairt ag rialtas Chatar do pholaiteoirí Eorpacha. Labhraímid faoi seo le hEoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG).
Tá reachtaíocht nua á chur chun cinn a chuirfidh cosc ar ghrúpaí áitreabhóirí cásanna pleanála a ghlacadh san Ard-Chúirt. Pléimid é seo le Sinéad Mercier (Léachtóir sa dlí comhshaoil, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath) agus leis an bpainéal.
Deir an Teachta Dála Aodhán Ó Riordáin go gcuireann an riachtanas d’onóir sa Ghaeilge bac ar earcú múinteoirí agus bac ar ilchineálacht san earnáil. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
Fianaise Jonathan Dowdall i gcoinne Gerard Hutch, rún mí-mhuiníne san Aire Tithíochta agus athrú Airí ar na bacáin – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/the Press Association).
Bac ar shosanna gairme molta do mhúinteoirí, teip ar cheannairc sa Ghearmáin agus seachtain oibre ceithre lá – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Noreen Darcy (Úinéir agus Stiúrthóir D'Arcy Marketing & PR) agus Macdara Mac Donncha (Tráchtaire Spóirt le RnaG agus Nemeton).
Ar an gclár inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais), Frank Allen (Comhairleoir iompair), Noreen Darcy (Úinéir agus Stiúrthóir D'Arcy Marketing & PR), Macdara Mac Donncha (Tráchtaire Spóirt le RnaG agus Nemeton), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi Chóisir na Nollag le Gaelgáirí i gClub Chonradh na Gaeilge, geamaireacht ‘Fionn agus an Bradán Feasa’ sa Taibhdhearc agus tionól contae le Gaelphobal Thamhlachta agus Conradh na Gaeilge.
D’fhógair an eagraíocht dheonach Circle go bhfuil siad le tabhairt faoi scéim tithíochta gan úsáid a bhaint as forbróir. Labhraímid faoi seo le Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus Láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show) agus Frank Allen (Comhairleoir iompair agus Cathaoirleach ar an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta).
Tá cóisirí ag tarlú ar fud Mharacó le cúpla lá anuas toisc gur bhuaigh foireann sacar na bhfear acu i gcoinne na Spáinne ar an Máirt leis an gcluiche ceathrú craoibhe sa Chorn Domhanda a shroicheadh. Pléimid é seo le Caoimhghín Ó Caoláin (Leantóir sacair lonnaithe i Maracó).
4 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.