Ainm nua ar an mBord Pleanála, rún muiníne san Aire Tithíochta agus líomhaintí caimiléireachta i bParlaimint na hEorpa – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG).
Beidh cosc ar na glúinte atá le teacht tobac a cheannach mar gheall ar dhlíthe nua ar ghlac parlaimint Aotearoa (na Nua-Shéalainne) leo. Labhraímid faoi seo le Dr Diarmaid Ó Cofaigh (Dochtúir teaghlaigh sa Nua-Shéalainn).
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG), Dr Diarmaid Ó Cofaigh (Dochtúir teaghlaigh sa Nua-Shéalainn), Aidan Fitzmaurice (Iriseoir spóirt le Independent News & Media), an tOllamh Rónán McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, Coláiste na hOllscoile Londain) agus Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse).
Buailfidh an Airgintín agus an Chróit le chéile ar an bpáirc i Staid Lusail ag a 7 anocht am na hÉireann sa chéad cluiche leathcheannais i gCorn an Domhain sa sacar. Pléimid é seo le hAidan Fitzmaurice (Iriseoir spóirt le Independent News & Media).
Geimhreadh na hÚcráine, líomhaintí caimiléireachta i bParlaimint na hEorpa agus agóidí san Iaráin – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta leis an Ollamh Rónán McCrea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, Coláiste na hOllscoile Londain) agus Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse).
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG), Katie Whelan (Tráchtaire agus Iarrthóir PhD i UCD), James Knoblauch (Sainchomhairleoir bainistíochta le EY), Lucinda Glynn (Léiritheoir teilifíse), Dr Art Hughes (Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ulaidh) agus Sinéad Mercier (Léachtóir sa dlí comhshaoil, UCD).
Tá ceathrar gafa ag na póilíní sa Bheilg, duine de Leas-Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa ina measc, i bhfiosrúchán a bhaineann le líomhaintí go raibh breabanna á dtabhairt ag rialtas Chatar do pholaiteoirí Eorpacha. Labhraímid faoi seo le hEoin Ó Catháin (Eagraí polaitíochta RnaG).
Tá reachtaíocht nua á chur chun cinn a chuirfidh cosc ar ghrúpaí áitreabhóirí cásanna pleanála a ghlacadh san Ard-Chúirt. Pléimid é seo le Sinéad Mercier (Léachtóir sa dlí comhshaoil, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath) agus leis an bpainéal.
Deir an Teachta Dála Aodhán Ó Riordáin go gcuireann an riachtanas d’onóir sa Ghaeilge bac ar earcú múinteoirí agus bac ar ilchineálacht san earnáil. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
Fianaise Jonathan Dowdall i gcoinne Gerard Hutch, rún mí-mhuiníne san Aire Tithíochta agus athrú Airí ar na bacáin – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media/the Press Association).
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.