Ghlac rialtais Mheiriceá agus na Rúise páirt i malartú príosúnach inniu inar seoladh an t-imreoir cispheile Brittney Griner ar ais go Meiriceá. Pléimid é seo agus an fíneáil a gearradh ar an FAI le hEmmet Ryan (Iriseoir leis an Business Post agus Eagarthóir ar an suíomh idirlín cispheile Ballineurope.com).
Foilseofar Plean Digiteach don Ghaeilge inniu ina leagfar amach straitéis an rialtais chun an Ghaeilge a shábháil ón ‘bás digiteach’. Labhraímid faoi seo le Dr Ailbhe Ní Chasaide (Ollamh taca le Foghraíocht i gColáiste na Tríonóide agus duine de lucht ullmhaithe an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge).
Ar an gclár inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Emmet Ryan (Iriseoir ón Business Post), Dr Ailbhe Ní Chasaide (Ollamh taca le Foghraíocht, TCD), Caoimhghín Ó Caoláin (Leantóir sacair i Maracó), Nadia Dobrianska (Úcráineach in Éirinn), Tonaí Ó Roduibh (Oifigeach Forbartha le Gaeloideachas) agus Síle Ní Choincheannain.
D’fhoilsigh Gaeloideachas sraith físeáin ar Youtube dar teideal “Déan Comhrá”, ina labhraíonn Nadia Dobrianska i Úcráinis faoi fhoghlaim na Gaeilge. Labhraímid faoi seo le Nadia Dobrianska (Úcráineach in Éirinn) agus Tonaí Ó Roduibh (Oifigeach Forbartha le Gaeloideachas).
Soláthar leictreachais don Gheimhreadh agus milleán curtha ar an rialtas i mbás de bharr ailse cheirbheacs – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Póilín Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín), Ferdia McCrann (Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann), John Boyle (Ardrúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, an INTO) agus Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg).
Sosanna gairme san earnáil oideachais, conarthaí do dhochtúirí sinsearacha, clárú do lóistín gearrthéarmach agus baill den earnáil léiriúcháin ag Comhchoiste na Gaeilge – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG).
Tá 25 duine gafa sa Ghearmáin maidir le hiarrachtaí ó ghrúpa den eite dheis leis an rialtas a threascairt. Pléimid é seo le Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín).
Theip ar iarracht eile inniu Stormont a athghairm agus an DUP ag rá nach dtacódh siad leis an bpróiseas go dtí go rachfaí i ngleic ar bhealach sasúil le ceist an phrótacail. Labhraímid faoi seo le Póilín Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.