
Sign up to save your podcasts
Or


Bhí go leor eachtraí cinniúnacha ann a d’fhág lorg ar dhul chun cinn na gluaiseachta LADTA+ in Éirinn.
Ó na 1970í ar aghaidh, tháinig méadú ar infheictheacht dhaoine aeracha sna meáin in Éirinn - rud a d’imir tionchar nach beag ar mheon mhuintir na tíre.
Ó phóga aeracha ar an scáileán i Ros na Rún, go hóráidí dodhearmadta in Amharclann na Mainistreach, seans go bhfuil sé deacair samhlú anois an streachailt a bhí os comhair an phobail aeraigh le comhionannas a bhaint amach.
Ar Seachtain, tógann tá an t-údar Naoise Dolan siar muid ar na heachtraí is cinniúnaí sna meáin Éireannacha ó thaobh an phobail aeraigh de.
Foclóir:
Eisceachtúil Exceptional
Aiseolas: Feedback
Maitheas: Benefit
Ionchur: Input
Gluaiseachtaí: Movements
Na meáin: Media
In ainneoin: Despite
Feiceálacht: Visability
Crógacht: Bravery
Baol: Danger
Cosc: Ban
Coimeádach: Conservative
Riachtanas: Necessity
Scaip físeán go rábach: A video went viral
Comhionannas: Equality
Amharclann na Mainistreach: The Abbey Theatre
Aiteach: Queer
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó 'Mo Chara' as Kneecap mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu.
Tá sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain anuraidh, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe.
D’fhoilsigh Kneecap ráiteas ar na meáin shóisialta inar shéan siad go ndearnadh aon choir agus gheall siad go ndéanfaidís cosaint ar “a gcearta” go fíochmhar.
Thug siad le fios gur “ionsaí polaitiúil” é seo ón stát Bhriotanach atá dírithe orthusan mar “ealaíontóirí ó phobal faoi chois”.
Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dúnbarrach cad a thit amach inniu, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.
Foclóir:
Bratach: Flag
Léirigh: To convey or demonstrate
Mídhleathach: Illegal
Dodhéanta: Impossible
Stát sceimhlitheoireachta: Terrorist State
Abhcóide: Barrister
Neamhchoitianta: Uncommon
Achrann: Agro
Ionchúisitheoir: Prosecutor
Blaiseadh: Flavour
Comhghuaillíocht: Alliance
In aghaidh an dlí: Against the law
Cosantóirí: The defence
Mearbhall: Bafflement
Comhghleacaí: Colleague
Aineolas: Ignorance
De réir dealraimh: Apparently
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre.
Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta?
Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr.
Foclóir:
Tithe folmha: Vacant homes
Tréigthe: Abandoned
Fadhb ar leith: A particular problem
Folláin: Healthy
Go sainiúil: Uniquely
Suntasach: Considerable
Éileamh: Demand
Seal: A period of time
Go buan: Permanently
Deontas: Grant
Earcú: Hiring
Farsing: Extensive
Cónaitheacht: Residency
Fo-oifigigh: Junior Officers
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Gaelcholáiste nua beartaithe do lár na cathrach agus tá na doirse le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2026, ach is iomaí dushlán atá fós le sárú leis sin a chur i gcrích. Ach, le os coinn 90% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne Synge Street CBS a aistriú go Ghaelcholáiste, agus le tuismitheoirí go fóill gan mórán eolais faoin Ghaelcholáiste nua, an bhfuil baol ann nach dtarlóidh sé? Cad iad na dushláin atá os comhair meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i lár na cathrach, agus, cén fáth nach bhfuil achan duine sásta faoi? Labhraíonn Julian de Spáinn, ón fheachtas Gaelcholáiste 2,4,6,8 faoin phlean le ceathrú Gaeltachta a chruthú i gcroílár na cathrach.
Foclóir:
Soláthar: Supply
Roinn: Department
Éileamh: demand
Ilchreidmheach: Multi-faith
Liosta feithimh: Waiting list
Taighde: Research
Gar: Close
Tuairimí: Opinions
Iarratas: Request
Tairiscint: Offer
Maíomh: Boast
Ailtirí: Architects
Teagasc: Teaching
Earcaíocht: Recruitment
Cumarsáid: Communication
Ceathrú: Quarter
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá clú agus cáil ar áilleacht chósta iarthar na hÉireann agus meallann sé turasóirí ó chian agus ó chóngar. Tá go leor daoine in Éirinn agus thar lear a bhfuil teach saoire acu sna ceantracha ghalánta seo, na Gaeltachtaí san áireamh. Ach leis na fadhbanna atá á gcruthú do dhaoine áitiúla de bharr na dtithe saoire seo, is léir go bhfuil práinn le cur leis an soláthar tithíochta fad-téarmacha do mhuintir na háite ar chósta na hÉireann. Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Acla i gContae Mhaigh Eo faoi chás na Gaeltachta ansin.
Foclóir
Folamh: Empty
Scaipthe amach: Spread out
A mheas: Estimate
Easpa tithíochta: A lack of housing
Cothú: Cultivate
Luach: Value
Le dul i ngleic leis: To tackle or to address it
Bagairt: Threat
Tuairimí: Ideas
Casta: Complex
Muintir: Family or people
Taobh Thiar: The west side
Cíos: Rent
Cothromaíocht: Balance
Go buan: Permanently
Tá siad ag cur fúthu sa Ghaeltacht: They’re living in the Gaeltacht
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta.
Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh.
Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe.
Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh.
Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú” in Gaza.
Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cothrom an lá seo deich mbliana ó shín anois chuaigh muintir na hÉireann i mbun vótála i reifreann stairiúil suntasach. Reifreann chun pósadh a leathnú amach d’achan duine – chun go mbeadh an rogha ag daoine duine den inscne chéanna pósadh. Sa deireadh, bhí 62% againn i bhfabhar Bunreacht na hÉireann a athrú. Labhair an Dr John Walsh faoin athrú a tháinig ar an tír ó thréimhse chorrach na nOchtóidí go dtí an lá atá inniu.
Foclóir:
Aerach: Gay
Ní hionann sin: It doesn’t mean
Díspóireacht: Debate
Ginmhilleadh: Abortion
Feiceáileacht: Visibility
Coiscthe: Banned
Cúngaigeanta: Narrow-minded
Claonadh gnéis: Sexual orientation
Feachtasaíocht: Campaigning
Goilleann sé orm: It bothers me
Leochaileach: Vulnerable
Bagrach: Threatening
páirtnéireacht shibhialta: Civil partnership
Tháinig sé aniar aduaidh orainn: It took us by surprise
Comhionannas: Equality
Aischothú: Feedback
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

44 Listeners

142 Listeners

22 Listeners

59 Listeners

17 Listeners

34 Listeners

347 Listeners

91 Listeners

3 Listeners

39 Listeners

0 Listeners

50 Listeners

108 Listeners

67 Listeners

6 Listeners

32 Listeners

40 Listeners

54 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

13 Listeners

2 Listeners

6 Listeners