Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

Seachtain episodes

  • Kneecap i lár conspóide: Agóid pholaitiúil nó gríosú chun fuatha?
    Is mion minic a bhfeictear Kneecap i lár conspóide, ach an ndeachaigh siad thar fóir an uair seo? Ó cuireadh teachtaireachtaí frith-Iosrael in airde ar scáileán mhór ag a gceolchoirm ag Coachella coicís ó shín, tá súile an domhain ar an mbanna ceol, agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain. An bhfuil ráitis agus físeáin Kneecap ag cothú gríosú chun fuatha nó an agóid pholaitiúil é? Agus cad é an tionchar a bheith aige seo ar an bhanna ceoil amach anseo? Labhraíonn an tuairisceoir Róisín Ní Mhaoláin faoi Kneecap agus an chonspóid is déanaí. Foclóir: Conspóid: Controversy Cáineadh: Criticism Tost: Silence Líomhaintí: Allegations Coireacht: Crime Úrlabhraí: Spokesperson Ag béicíl: Shouting Frithsceimhlitheoireacht: Counter-terrorism Cúlghair: Revoke Baol: Jeopardy Lucht leanúna: Fans Fulaingt: Suffering Saoirse cainte: Free speech

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What’s hitting the headlines this week?
    Is tréimhse ciúin í an sos Cásca sna seomraí nuachta go minic. Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo. Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: Ar shlí na fírinne: Departed or passed away I lár an aonaigh: In the spotlight Tórramh: Funeral Agóidíocht: Protesting Béim: Emphasis Mí-úsáid: Abuse Íospartaigh: Victims Árasán: Apartment Mianta: Desires

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Women who saved an Ghaeilge : Íte Ní Chionnaith, mná Bhóthar Seoighe, Lolly Yeats, Pádraigín Ní Uallacháin

    Le os coinn 100 bliana tá saothar nach beag déanta leis an Ghaeilge a chur chun cinn.  Bunaíodh Gaelscoileanna, TG4, Raidió na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, gan trácht ar an iliomad rudaí eile ar an liosta mór fada. Ach go minic, déantar dearmad ar na mná a d’imir tionchar nach beag ar na gaiscí seo.  Insíonn an leachtóir Katie Whelan dúinn faoi thionchar cheithre bhean cheannródaíocha a d'fhág a lorg féin ar shaol na Gaeilge.

    ­

    Foclóir:

    Crann taca: Pillar or anchor

    ­

    Soláthar: Provision

    ­

    Seicteach: Sectarianist

    ­

    Gaisce: Achievement

    ­

    Lonnaíocht: Settlement

    ­

    Acmhainní: Resources

    ­

    Cumhacht aibhléise: Electricity

    ­

    Iarmhairt: Consquence

    ­

    Oiliúint: Training

    ­

    An lorg a d’fhág siad: The mark they left

    ­

    Ceardaíocht: Craftwork

    ­

    Cuideachta: Company

    ­

    Fostaíocht: Employment

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  • Trump-chúiseach: Can Ireland handle taraifí an Teach Bán?
    Tá tús curtha le ré nua trádála, ré tharaifí Donald Trump. Tá luach stocmhargaidh an domhain tar éis titim go tobann is go domhain. Creideann Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi gheilleagar na Stát, ach tá eacnamaithe ag tabhairt rabhadh go ndéanfar damáiste do chúrsaí eacnamaíochta timpeall na cruinne. Mar sin, cé acu a bhfuil an ceart acu? Labhair Ciarán Dunbar le Caoimhín Ó Tiománaigh, léachtóir eacnamaíochta agus príomheacnamaí leis an gcomhlacht Davy. Foclóir: Intíre: Domestic Géarghá: Urgent Comhlachtaí cógaisíochta: Pharmaceuticals Easpórtáil: Export Cinnteacht: Certainity Géilleadh: Conceed Rabhadh: Warning Idirbheartaíocht: Negotiation Luach: Value Caiteachas: Spending Geilleagar: Economy Táirgí: Products In ainneoin: Despite Olltáirgeacht intíre: Gross domestic product Brabús: Profit

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    19 min
  • Fás Fhéile na Gealaí and why Dublin’s féile Ravelóid failed
    Is earnáil thar a bheith iomaíoch é earnáil na bhféilte agus is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra roimh fhéilte atá níos lú. Tá rudaí ag éirí níos strusmhaire fós do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí i Ráth Cairn na Mí óir le laghdú “60% ar mhaoiniú” agus ar urraíocht na féile. Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail, ball de lucht eagraithe na féile faoin buille trom seo agus amharcann sí siar ar conas a d’fhás Féile na Gealaí as cliseadh an fhéile Ravelóid a bhí beartaithe do Bhaile Átha Cliath.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Bliain ar aghaidh: Jeffery Donaldson’s shocking fall from grace
    Níl mórán scéalta a bhaineann siar as iriseoirí a bhfuil taithí na mblianta acu, ach sin go díreach an rud a tharla ar Aoine an Chéasta na bliana seo caite. Gabhadh ceannaire an DUP, Sir Jeffery Donaldson agus a bhean chéile, Lady Eleanor Donaldson, go luath maidin Déardaoin 28ú Márta 2024 i dtaca le líomhaintí cionta gnéasach a tharla i bhfad roimhe seo. Baineann na 18 gcúiseamh i gcoinne Jeffrey Donaldson le héigniú, le hionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas - séanann sé na líomhaintí go léir. Ar Seachtain, amharcann Ciaran Dunbar siar ar an ghéarchéim seo i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann. Foclóir: Gabh: Arrest Dearbhaigh: Ascertain Cúisíodh é: He was charged Ráiteas: Statement Cionta: Offences An-aitheanta: well known Baineadh siar as: He was taken aback Cráifeach: Religious Cuireadh ar fionraí é: He was suspended Líomhaintí: Allegations Dualgas: Obligation Íospartach: Victim Gearánaí: Complainants Leochaileach: Vulnerable Aontachtach: Unionist Tionól: Assembly Clis: Break down Ag feidhmiú: Functioning

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    26 min
  • 4 bright ideas chun Dublin a dhéanamh níos gaelaí
    Cé nach bhfuil Gaeltacht ar bith ann i gContae Bhaile Átha Cliath – tá an líon is airde de Ghaeilgeoirí laethúla lonnaithe anseo. Ach le heaspa deiseanna leis an teanga a úsáid, cad é is féidir leis na húdaráis a dhéanamh leis na Gaeilgeoirí seo a chothú? Ar Seachtain, leagann Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir Gaeilge 365, agus Caitríona Kenny, Oifigeach Pobail agus Forbartha Sóisialta le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, amach an fhís atá acu don ardchathair. Foclóir: Leasuithe: Reforms Ag dul i meath: To decline Leathnú - Expand Feachtas: Campaign Fonn: Desire Splanc: Spark Teifigh: Refugees Tírdhreach: landscape Drogall: Reluctance Rogha: Choice

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Forás na Gaeilge funding cuts: Na chéad íospartaigh, páistí bunscoile
    Tá idir dea-nuacht agus drochnuacht ann ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge. Ar lámh amháin, tá post an Choimisinéara Gaeilge fógartha faoi dheireadh – gníomh a bhí an pobal ag fanacht air le tamall fada anuas. Ach ar an lámh eile – tá na ciorruithe ó Fhorás an Gaeilge ag dul i bhfeidhm. Ar an chéad íospartach - An scéim Scoil Spreagtha, scéim a mhúineann an teanga do pháistí bunscoile. Ar Seachtain, labhraíonn Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Polasaí Oideachais le Gael Linn, faoin buille tubaisteach seo don Scoil Spreagtha, agus le ról an Choimisinéara Gaeilge fógartha anois, pléann an t-iriseoir Ciarán Dunbar fiúntas an róil.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • What’s that in English? An chiall atá ag ár sloinnte gaelacha
    Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, agus mar sin tá spotsolas an domhain ar chúrsaí Éireannacha agus oidhreachta in athuair. Ó bunaíodh é i 1902, tá clú agus cáil ar an iris ‘Ireland’s Own’ agus tá baint láidir aige le híomha na tíre seo agus é ar an iris clóite is faide bunaithe in Éirinn. Agus sinne in 2025, tá an-tóir ar an iris go fóill, go háirithe ag an am seo bliana agus an saol Gaelach ag ceiliúradh Naomh Pádraig. Mar sin de, agus 17ú Márta ag teannadh linn, labhraíonn Seán Ó Murchadha, duine de scríbhneoirí na hirise, faoin bhéim a chuireann daoine ar fud fad na cruinne ar shloinnte gaelacha.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Grá sa Ghaeltacht: Recipe for success?
    Tá an darna sraith de Grá ar an Trá ag toiseacht anocht tar éis é a chuir ar athló roimhe seo de bharr cúinsí ar leith. Bhí an clár le craoladh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh nuair a tháinig sé chun solais go raibh duine de na rannpháirtithe ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar bhean. Rinneadh athochtar rannpháirtí ag dul san iomaíocht don duais €10,000 agus beidh bean an tí, Síomha Ní Ruairc, man an tí, James Kavanagh agus an Cigire Grá Gráinne Seoighe i lár an aonaigh. Ar Seachtain, labhair Síomha Ní Ruairc faoin rógaireacht sa teach.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    14 min

About Seachtain

From the publisher's feed

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More shows like Seachtain

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

44 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

142 Listeners

Indo GAA by Irish Independent

Indo GAA

22 Listeners

The Left Wing by Irish Independent

The Left Wing

59 Listeners

The Big Tech Show by Irish Independent

The Big Tech Show

17 Listeners

Real Health with Karl Henry by Irish Independent

Real Health with Karl Henry

34 Listeners

The David McWilliams Podcast by David McWilliams & John Davis

The David McWilliams Podcast

347 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Today with David McCullagh by RTÉ Radio 1

Today with David McCullagh

39 Listeners

Raidió na Life 106.4FM by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Raidió na Life 106.4FM

0 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

50 Listeners

The Indo Daily by Irish Independent

The Indo Daily

108 Listeners

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning by Gold Hat Productions

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning

67 Listeners

The Group Chat by Virgin Media News

The Group Chat

6 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

32 Listeners

I'm Not Here To Hurt You by Irish Independent

I'm Not Here To Hurt You

40 Listeners

Indo Sport by Irish Independent

Indo Sport

54 Listeners

Under the Grill by Irish Independent

Under the Grill

0 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

13 Listeners

Money Talks by Irish Independent

Money Talks

2 Listeners

Just Between Us with Jennifer Zamparelli by Irish Independent

Just Between Us with Jennifer Zamparelli

6 Listeners