Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

Seachtain episodes

  • Mo Chara sa chúirt

    Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin.

    ­

    Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith.

    ­

    Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó.

    ­

    Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne.  Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.

    Foclóir:

    ­

    Coir: Crime

    ­

    Scaifte: Group

    ­

    Cinsireacht: Censorship

    ­

    Scuaine: Queue

    ­

    Cúiseamh: Charge/accusation

    ­

    Sceimhlitheoireacht: Terrorism

    ­

    Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation

    ­

    Beag beann: Regardless of

    ­

    Ateagaire: Interpreter

    ­

    Teorainn ama: Time limit

    ­

    Tacaíocht: Support

    ­

    Drogall: Reluctance

    ­

    ­

    ­

    ­

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Mo Chara sa chúirt

    Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin.

    ­

    Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith.

    ­

    Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó.

    ­

    Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne.  Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.

    Foclóir:

    ­

    Coir: Crime

    ­

    Scaifte: Group

    ­

    Cinsireacht: Censorship

    ­

    Scuaine: Queue

    ­

    Cúiseamh: Charge/accusation

    ­

    Sceimhlitheoireacht: Terrorism

    ­

    Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation

    ­

    Beag beann: Regardless of

    ­

    Ateagaire: Interpreter

    ­

    Teorainn ama: Time limit

    ­

    Tacaíocht: Support

    ­

    Drogall: Reluctance

    ­

    ­

    ­

    ­

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Gaeilge Bhaile Átha Cliath (cuid a dó): What was the Irish dialect of Dublin like?

    San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae  Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath.  Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean.  Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear de bhunadh Chluain Dolcáin atá ag cur faoi i gCill Mhantáin, agus duine a bhfuil suim ar leith aige in oidhreacht Ghaeilge a chontae dúchais.

    ­

    Foclóir:

    Aiceann – stress

    ­

    Scadán - herring

    ­

    Spéisiúil - interesting

    ­

    Baile an tSléibhe - Ballinclea

    ­

    Baile Amhlaoibh – Balally

    ­

    Conradh – a contract

    ­

    Is dócha - probably

    ­

    Meascán mearaí - mishmash

    ­

    Teangeolaí - linguist

    ­

    Saor in aisce – free of charge

    ­

    Cuimsitheach – comprehensive

    ­

    Éagsúil - different

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • Gaeltacht Bhaile Átha Cliath (cuid a haon): How long did traditional Gaeilge survive in Dublin?

    Is fada an lá ó bhí ‘Gaeltacht Bhaile Átha Cliath’ ann.  Mar sin de, is tearc ár gcuid eolas ar an gcineál Gaeilge a bhíodh á labhairt go traidisiúnta gan briseadh ann.  Conas a bhí sí mar Ghaeilge? Cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath agus cá huair a bhíodh sí á labhairt?  Labhair Ciarán Dunbar le Colm Ó Broin taighdeoir neamhspleách as Baile Átha Cliath.

    ­

    Canúint – dialect

    ­

    Oidhreacht – heritage, tradition

    ­

    Taighde – research

    ­

    Nasc – connection

    ­

    Eachtra – happening

    ­

    Aisteach – strange

    ­

    Spochadh as – mocking

    ­

    Rud a thug le fios – something which evidenced

    ­

    Rud a léiríonn – something which reveals

    ­

    I bhfolach – hidden

    ­

    Déarfainn – I would say

    ­

    Scrúdú – investigation

    ­

    Ar an drochuair – unfortunately

    ­

    D’fhoilsigh sé – he published

    ­

    i dtuilleamaí – depending on

    ­

    Ceannródaí – pioneer

    ­

    Fianaise – evidence

    ­

    Lámhscríbhinní – manuscripts

    ­

    Logainmneacha – placenames

    ­

    Tréithe – chararcteristics

    ­

    Foclaí (focail) – words

    ­

    Blas – accent

    ­

    Neamspleách – independent

    ­

    Go foghrúil – phonetically

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Bean an Tí exodus: Rethinking na coláistí samhraidh

    Tá athmhachnamh le déanamh ar mhúnla na gcoláistí samhraidh chun todhchaí na hearnála a dheimhniú.  Le titim shuntasach ar líon na leapacha atá ar fáil do scoláirí, ganntanas mná agus fir tí agus na céadta daltaí fágtha ar liostaí feithimh, tá gníomh radacach de dhíth le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra seo. Ach, cad é an dóigh is fearr leis na coláistí luachmhara seo a chaomhnú?  Agus cad é a tharla le blianta beaga anuas leis an earnáil a chur i mbaol sa chéad dul síos?

    ­

    *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.*

    ­

    Foclóir:

    ­

    Iargúlta: Remote

    ­

    Geilleagar: Economy

    ­

    Séasúrach: Seasonal

    ­

    Fostaíocht: Employment

    ­

    Nós: Ritual or habit

    ­

    Os cionn: Over

    ­

    Tumoideachas: Immersive education

    ­

    Neamhspleáchas: Independence

    ­

    Uasmhéid: Maximum

    ­

    Dosaen: Dozen

    ­

    Earnáil: Sector

    ­

    Clochar: Convent

    ­

    Scoil chónaithe: Boarding school

    ­

    Mealladh: Entice

    ­

    Todhchaí: Future

    ­

    Greanta: Engraved

    ­

    Féidearthachtaí: Possibilities

    ­

    I bhfách: In favour of



    This podcast was funded by the local democracy fund.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    19 min
  • Moving Maighdean Mhuire: Mass hysteria nó míorúilt diaga?

    I rith samhradh na bliana 1985, bhí Éire corraithe leis an bparanormáltacht.  Thosaigh dealbha diaganta den Mhaighdean Mhuire ar fud na tíre ag bogadh. Ach cad é a ghríosaigh na heachtraí seo?  Cén fáth go raibh an Eaglais míchompordach leis an méid a bhí ag tarlú?  Agus an míorúilt a bhí ann i ndáiríre, nó mass hysteria?  Ar Seachtain, amharcann Doireann Ní Bhriain siar ar an bhliain inár thosaigh na dealbha ag bogadh.

    ­

    ­

    Foclóir:

    ­

    Ag urnaí: Praying

    ­

    Deabhóid: Devotion

    ­

    Foláireamh: Warning

    ­

    Diaga: Sacred

    ­

    Cráifeach: Religious

    ­

    Is iomráití: Most well-known

    ­

    Ar bhinn an tséipéil: On the gable on the church

    ­

    Iniúchadh: Inspection

    ­

    Iontaofa: Trustworthy

    ­

    Tairbhe a bhaint as: To benefit from

    ­

    Oilithreacht: Pilgrimage

    ­

    Míshocair: Unstable

    ­

    Frithghiniúint: Contraception

    ­

    An Mhaighdean Mhuire: Our Lady

    ­

    Clapsholas: Twilight

    ­

    Ag stánadh: Staring

    ­

    Samhlú: Visualisation

    ­

    Easpag: Bishop

    ­

    Díspeag: Belittle

    ­

    Maslach: Degrading

    ­

    Tua: Axe

    ­

    Lámhscríbhinní: Manuscripts

    ­

    Míorúilt: Miracle

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • An troid ar son Sam: The Gaeltacht’s glory days

    Tá lá de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire ag teannadh linn, All-Ireland Final Day.  Tá dhá chraobh bainte amach ag Dún na nGall cheana ach is iad Ciarraí an foireann is rathúla i stair peile na tíre seo agus iad sa tóir ar chraobh uimhir 39 i mbliana.  Le stair shaibhir peile fhoireann Jack O’Connor agus draíocht fhoireann Jim McGuinness, amharcann Tadhg Evans, eagraí spóirt leis The Wicklow People, siar ar bhlianta órga na bhfathach peile seo. 


    Foclóir:

    • I bhfeighil: In charge
    • Ré órga: Golden era
    • Sean-naimhde: Old enemies
    • Go smior: To the core
    • Craobh: Championship
    • Tréimshe: Period of time
    • Tréaslú: Congratulations
    • Athimirt: replay
    • Dul san iomaíocht: To compete
    • An lámh in uachtar: The upper hand
    • Sár-choimhlint: Super contest
    • Rogha na coitiantachta: The front runner
    • Ní mar a shíltear a bhítear: Things are not as they seem
    • A leithéid: The likes of
    • Neodrach: Neutral
    • Pointe beirithe: Boiling point

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • ‘Israel’ sa Ghaeltacht: Smaointe radacacha Desmond Fennell

    Ba smaointeoir, scríbhneoir aistí agus fealsamh radacach é Desmond Fennell. 


    Chuaigh a chuid tuairimí i gcoinne an ‘status quo’ go minic agus ní raibh eagla ar Fennell riamh snámh in aghaidh easa. 


    Chruthaigh sé meas agus conspóid araon - cibé áit a ndeachaigh sé. 


    Ach, ar chreid sé féin sna smaointe radacacha a bhí aige? 


    Ar Seachtain, labhraíonn Toner Quinn, eagarthóir an leabhar ‘The Radical Thinking of Desmond Fennell’, faoin na barúlacha neamhghnácha chuir an tír ag smaoineamh. 


    Foclóir: 


    Snámh in aghaidh easa: Swim against the current 


    Fealsúnaigh: Philosopher 


    Athbheoigh: Revitalise 


    Fostaíocht: Employment 


    Ré ar leith: A distinctive era 


    Dlúthchara: A close friend 


    Athrú struchtúrach: Structural change 


    Feiliúnach: Suitable 


    Clár oibre: Agenda 


    Fréamhacha: Roots 


    Geilleagar: Economy 


    Neamhspleách: Independent 


    Athmachnamh: Rethink 


    Dioscúrsa: Discourse 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Agóidí phobal na Gaeilge: Still fighting na sean-chathanna céanna?

    I mí Mhéan Fómhair beidh na mílte Gael ag dul chun na sráideanna i mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Ach, an bhfuil pobal na Gaeilge ag troid na sean-chathanna céanna le breis agus caoga bliain?  Agus cé chomh héifeachtach is a bhíonn léirsithe mar seo chun athrú polasaí a bhaint amach?  Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar roinnt agóidí de chuid Conradh na Gaeilge agus an toradh a lean iad. 


     


    Foclóir: 


    Éileamh: Demand 


    Maoiniú: Funding 


    Maram: I suppose 


    Mórshiúil: Procession 


    Mianta: Wishes/Desires 


    Féinriail: Autonomy 


    Cumhachtaí: Powers 


    Uaillmhianach: Ambitious 


    Cáipéisí: Documents 


    Ré: Era 


    Gnáthphobal: Ordinary people 


    Go borb: Abruptly or Gruffly 


    Suaitheantas: Emblem 


    Mana: Motto  


    San áireamh: Included 


    Rachmasóirí: A derogatory term for the wealthy 


    Gan fiacail a chur ann: Not to mince one’s words 


    Daoine ón iasacht: Outsiders 


    Rathúil: Successful 


    Snáithe: Thread 


    Sean-chathanna: Old battles 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Gaiscí Mhichíl D san Áras and finding his successor

    Cuireadh tús le hUachtaránacht Michael D Higgins i 2011, tar éis dó breis is milliún vóta a fháil agus sciar 56% faighte aige.

    ­

    Ó shín i leith, ghlac sé leis an dúshlán a bheith mar Uachtarán do chách, agus níor chuir sé fiacail ina fhocail agus é ag labhairt amach go poiblí ar ábhair éagsúla.

    ­

    Ach le deireadh a dhara téarma mar Uachtarán ag druidim linn agus a chomharba le roghnú sna míonna amach romhainn, cé a bheadh in ann teacht isteach sna sála air?

    ­

    Ar Seachtain, amharcann an Dr Katie Whelan siar ar an am a chaith Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus tugann sí spléachadh ar na féidearthachtaí atá ann dá chomharba.

    ­

    ­

    Foclóir:

    ­

    Éirimiúil: Intelligent

    ­

    Ualach: Weight/burden

    ­

    Beag beann ar: Regardless of

    ­

    Iontaofa: Trustworthy

    ­

    Ionannú: Identification

    ­

    Barántas: warrant

    ­

    Go héagórach: Unjustly

    ­

    Pardún iarbháis: Posthumous pardon

    ­

    Rochtain: Access

    ­

    Faillí: Negligence

    ­

    Níor chuir sé fiacail ina fhocal: He didn’t mince his words

    ­

    Cé is moite: Except

    ­

    Go neamhbhalbh: Point- blankly

    ­

    Iar-throdaí: Former fighter

    ­

    Ceap magaidh: Mockery

    ­

    Féidearthachtaí: Possibilities

    ­

    Tugadh bata agus bóthar dó: He was shown the door

    ­

    Ballraíocht: Membership

    ­

    Tost: Silence

    ­

    Dóchúlacht: Probability

    ­

    Urlabhraí: Spokesperson

    ­

    Bunús: Basis

    ­

    Sna sála air: On his heels

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    26 min

About Seachtain

From the publisher's feed

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More shows like Seachtain

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

44 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

142 Listeners

Indo GAA by Irish Independent

Indo GAA

22 Listeners

The Left Wing by Irish Independent

The Left Wing

59 Listeners

The Big Tech Show by Irish Independent

The Big Tech Show

17 Listeners

Real Health with Karl Henry by Irish Independent

Real Health with Karl Henry

34 Listeners

The David McWilliams Podcast by David McWilliams & John Davis

The David McWilliams Podcast

347 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Today with David McCullagh by RTÉ Radio 1

Today with David McCullagh

39 Listeners

Raidió na Life 106.4FM by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Raidió na Life 106.4FM

0 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

50 Listeners

The Indo Daily by Irish Independent

The Indo Daily

108 Listeners

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning by Gold Hat Productions

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning

67 Listeners

The Group Chat by Virgin Media News

The Group Chat

6 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

32 Listeners

I'm Not Here To Hurt You by Irish Independent

I'm Not Here To Hurt You

40 Listeners

Indo Sport by Irish Independent

Indo Sport

54 Listeners

Under the Grill by Irish Independent

Under the Grill

0 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

13 Listeners

Money Talks by Irish Independent

Money Talks

2 Listeners

Just Between Us with Jennifer Zamparelli by Irish Independent

Just Between Us with Jennifer Zamparelli

6 Listeners