
Sign up to save your podcasts
Or


Ba chéim stairiúil chun cinn é don teanga ó thuaidh nuair a ceapadh an Dr Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, mar Coimisinéir Gaeilge. Ach, leis na focail ‘weaponise’ agus ‘divisive’ in úsáid go minic agus an Ghaeilge á phlé ar na meáin Bhéarla ó thuaidh, an cailís nimhe é ról an Choimisinéara nua?
Agus an féidir le Pól Deeds athmhuintearas a chothú idir an dá thaobh den scoilt teangeolaíochta ó thuaidh?
Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Pól Deeds
Foclóir:
• Corraitheach: Tumultuous
• Cúinsí: Circumstances
• Cailís nimhe: Poisoned chalice
• Leas-phríomhfheidhmeannach: Deputy Chief Executive
• Sainchuntas: Specification
• Craiceann thiubh: Thick skin
• Cearrbhachas: Gambling
• Riar: Administer
• Athmhuintearas: Bridge-building
• An dá thrá a fhreastal: To do two things at the same time
• An pobal P.A.D: Protastúnach, Aontachtach, Dílseach
• Naimhdeas: Animosity
• Baol: Danger
• Gaol: Relationship
• Dea-chleachtas: Best practice
• Reachtaíocht: Legislation
• Linn: Pool
• Díomhaoin: Idle
• Aiseanna: Resources
• Ceardlann: Workshop
• Fealsúnacht: Philosophy
• I dtaca le: Regarding
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba ionsaí é a bhain siar as pobal beag Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe.
I mí na Nollaig 1998, maraíodh déagóir óg, Siobhán Hynes, go brúidiúil agus í amuigh don oíche ar an gCeathrú Rua. Ní raibh ach seacht mbliana déag aici.
Fuarthas a corp ar chladach beag, tuairim ar dhá mhíle go leith as sráidbhaile na Ceathrún Rua.
Cúisíodh John McDonagh, fear áitiúil, as an dúnmharú, agus tá 24 bliana caite aige sa phriosún as Siobhan a mharú agus a éigniú.
Shéan sé gach cúis ón tús agus anois tá sé ag éileamh ath-thástáil nua ar an bhfianaise a chualathas sa chás.
Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin
Foclóir:
Ionsaí: Attack
Éigniú: Rape
Lá arna mhárach: The next day
Fíochmhar: Vicious
Tacht: Choke
Báigh: Drown
Fianaise: Evidence
Slabhra: Chain
Éadach: Clothing
Snáithíní: Fibres
Caomhnaithe: Preserved
Machnamh: Deliberation
Maígh: Claim or allege
Athbhreithniú: Review
Appeal: Achomharc
Saineolaí: Expert
An Chúirt Achomhairc: The Court of Appeal
Ag séanadh: Denying
Ath-thástáil: Retest
Is iomaí: Many
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus’, d’fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X’, agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois? Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d’ardán sóisialta atá go hiomlán i nGaeilge?
Láithreoir: Áine Ní Bhreisleáin, Aíonna: Osgur Ó Ciardha, Storm Eaton-Kilgallen, Caoimhe Ní Chathail
Foclóir:
Tionchairí: Influencers
Ionadaíocht: Representation
Folláin: Healthy
Idirdhealú: Differentiation
Leas a bhaint as: To make good use of
Gairmiúl: Professional
Borradh: Boom or growth
I mbolgán: In a bubble
Meall: Attract
Imeallú: Marginalisation
Fuinneamh: Energy
Fotheidil: Subtitles
Cos ar bolg: Repress
Feiceálach: Visible
Tearman: Sanctuary
Figh: Weave
Éascú: Facilitate
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh.
Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad.
Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad ag dul ar saoire thar lear.
Mar sin de, cá huair a chuaigh rudaí ar strae do DJ?
Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Eimear Ní Bhraonáin
Foclóir:
Feall: Betray
Dallamullóg: Decieve
I sáinn: In a fix or jam
Faoi amhras: Under suspicion
Mílaoise: Millenium
Flaithiúil: Generous
Cothromaíocht: Balance
Craobh na hÉireann: All Ireland Championship
Lánúin: Couple
Iasacht: Borrow or lend
Scaradh: Breakup
Ailse: cancer
Cóir leighis: Medical treatment
Tuiscint: Understanding
Macánta: Honest
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617. Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin???
Foclóir:
Laigí: Weaknesses
Dall: Blind
Líne eagarthóireachta: Editorial line
Ábhartha: Relevant
Aontachtaithe: Unionists
Slat tomhais: Measuring stick
Sciar: Proportion
Fáinne fí: Vicious circle
Idirdhealú: Distinction
Maígh: Imply
Múnla: Model
Forlíonadh: Supplement
Naimhdeas: Animosity
Áiseanna: Resources
Ionchur: Input
Claonadh: Inclination or bias
Cur i bhfriotal: Put into words
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Faoi dheireadh thiar thall, tá an feachtas toghchánaíochta beagnach críochnaithe agus bhí deireadh teasaí leis go deimhin. Caithfear na vótaí Dé hAoine agus roghnófar Uachtarán na hÉireann nua le teacht i gcomharbacht ar Michael D. Higgins. Amharcann John Downing, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Independent, ar na straitéisí a bhí ag na hiarrthóirí agus ar na taicticí a d’oibrigh agus nár oibrigh.
Foclóir:
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Roimh dheireadh na míosa seo, beidh oileáin bheaga na hÉireann ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta ar an lá céanna leis an mórthír.
Tá 29 oileán ann ina bhfuil cónaí iontu agus tá suntas ar leith a bhaineann leo ó thaobh an chultúir de agus na teanga de.
Ach cad é mar atá sé le bheith i do chónaí ar oileán, ar charraig atá fada amuigh ar an bhfarraige, scartha ón mhórthír?
Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin
Tá an podchraoladh seo maoinithe ag Ciste an Daonlathais Áitiúil.
Foclóir:
Tréigeadh: Abandoned
Bánaigh: To devastate or to abandon
In éag: Die out
Buan:Permanent
Sceirdiúil: Windswept or bleak
Creagach: Rocky
Go tréan: Strongly
Ceann tuí: Thatched roof
An mhórthír/an tír mhór: The mainland
Fiáin: Wild/untamed
Tearmann: Sanctuary
Faire ar éin: Birdwatching
Bradán: Salmon
Portán: Crab
Móin: Turf
Breosla: Fuel
Céibheanna: Quays
Glórach: Loud
Bád farantóireachta: Ferry
Traonach: Corncrake
An teach fágtha le huacht: The house bequeathed in a will
Uathúil: Unique
Aighneas: Disagreement
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar dhuine de na scéalaithe nua-aimseartha seo tá Aindrias de Staic. Ar Seachtain, tógann Aindrais siar ar bhóithrín na smaointe muid, labhraíonn sé faoina óige, a chuid fadhbanna leis an ól, agus faoin síocháin atá aimsithe aige anois tar éis an saol a bhí aige a fhágáil ina dhiaidh.
Foclóir:
Foilsitheoir: Publisher
Ádh: Luck
Meabhair: Mind
Damháin alla: Spiders
Lámh in uachtar: Dominate
Éirigh as: Quit
Seachaint: Avoid
Fonn: Melody
Cíos: Rent
Dátheangach: Bilingual
Aithris: Recitation
Taifeadtaí: Recordings
Scéalaíocht: Storytelling
Saothar: Work or writings
Léacht: Lecture
Clairseach: Harp
Seanchas: Folklore
Tá Aindrais ag tabhairt faoi chamchuairt lena seó ‘By the light of the slivery moon’. Tá sonraí ar fáil ar an suíomh https://aindrias.com/
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

44 Listeners

142 Listeners

22 Listeners

59 Listeners

17 Listeners

34 Listeners

347 Listeners

91 Listeners

3 Listeners

39 Listeners

0 Listeners

50 Listeners

108 Listeners

67 Listeners

6 Listeners

32 Listeners

40 Listeners

54 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

13 Listeners

2 Listeners

6 Listeners