
Sign up to save your podcasts
Or


See omnystudio.com/listener for privacy information.
50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann.
Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún. Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin.
Ach, d’imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht.
Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leachtóir in Ollscoil Luimnigh, siar ar fhuadach Tiede Herrema, eachtra a tharraing aird an domhain ar Éireann.
Foclóir:
Fuadaigh: Kidnap
Léigear: Siege
Géill: Yield
Níos críonna: More shrewd
Tionscol: Industry
Gabh: Capture
Ar éigean: Scarcely
Áibhéil a dhéanamh: To exaggerate
Bá: Affinity
Báúil: Friendly
Ar teitheadh: Fleeing
Páirtí: Partner
Neamhghnách: Unusual
Oilte: Proficient or trained
Ficheall: Chess – fi - hill
Aigne: Mind
Níos boige: Softer
Diúl: Suck - dule
Eisceachtúil: Exceptional
Leannáin: Lovers
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos.
I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna.
Thapaigh Tessa Fleming an deis labhairt le Jean Gilger atá ag obair leis na ETBanna faoi na scéalta pearsanta taobh thiar den chlár.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana.
Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe.
Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla.
Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu.
Foclóir:
Ionchúisitheoir: Prosecutor
Máguaird: Environs
Cúiseamh: Charge
Neamhchiontach: Innocent
Cinneadh: Decision
Cloí: Abide by
Trídhathach: Tricolour
Slad: Plunder
Míchuí: Inappropriate
Cosc: Ban
Camchuairt: Tour
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtaire polaitíochta, spléachadh ar na hiarrthóirí, na conspóidí agus na knock-backs atá feicthe againn san fheachtas go dtí seo.
Foclóir:
Toghcheantar: Constituency
Dul ar scor: Retire
Deimhnithe: Confirmed
Siar is aniar: Back and forth
Comhbhá: Empathy or kinship
Iarrthóirí neamhspléacha: Independent candidates
Comhairle áitiúla: Local authority
Ainmniúchán: Nomination
Tairseach: Threshold
Rathúil: Successful
Luachanna: Values
A mhalairt: The opposite
Droch-tháithí: Bad experience
Ní chuireann sí fiacail ina cuid focail: She doesn’t mince her words
Maitheas: Good or benefit
As an ghnáth: Out of the ordinary
Seicteachas: Sectarianism
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo?
Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming.
Foclóir:
• Éileamh: Demand
• Fiúntas: Merit or value
• Aird: Attention
• Gríosaigh: Incite
• Meastachán: Estimation
• A neartú: To strengthen
• Feiceáileach: Visible
• Cuí: Proper
• Feirsteach: Someone from Belfast
• Bratach: Flag
• Tapaigh: To seize or grasp
• Díolúintí: Exemptions
• Breatnaise: Welsh
• A dhath: Diddly-squat or nothing
• Tithe folmha: Vacant homes
• Maram: I suppose
• Cáinaisnéis: Budget
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach. Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo?
Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide
Foclóir:
Bainisteoir Abhcóideachta: Advocacy manager
Reachtaíocht: Legislation
Cuí: Proper
Scagadh: Sifting through or vetting
Ag dul chun sráide: Taking to the streets
Bagairt: Threat
Ag gníomhú: Taking action
Cothromaíocht: Balance
A mheá: To weigh up
Ag snámh in aghaidh easa: To swim against the current
Maoiniú: Funding
Lom: Bare or naked
Caiteachas: Spending
Ar bhonn rialta: On a regular basis
Dúbailt Doubling
Sprioc: Aim or goal
Rochtain: Access
Eiseamláir: Role model
Uaillmhianach: Ambitious
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord.
Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza.
Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach.
Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine.
Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist.
Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu.
Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain.
Foclóir:
Eachtra: Incident
Cinedhíothú: Genocide
Ionsaí: Attack
Rogha: Choice
An Túinéis: Tunisia
Toradh: Result
Ag taobhú: Siding with
Ceachtanna: Lessons
Sonraí: Details
Éalú: Escape
Siombalachas: Symbolism
Daonna: Humane
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an teicneolaíocht fite fuaite i mbeagnach gach gné dár saoil laethúil. Mar sin féin, ní thuigeann muid i gcónaí an taobh diúltach den nuálaíocht seo, cé go bhfuil na bagairtí a bhaineann le Big Tech feicthe againn arís agus arís eile. Oibríonn Pat de Brún agus a fhoireann chun an dochar atá á dhéanamh ag na comhlachtaí teicneolaíochta a nochtadh.
Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Pat de Brún (Head of Big Tech Accountability le Amnesty International)
Foclóir:
Cearta daonna: Human rights
Imscrúdú: Investigation
Mífhaisnéis: Misinformation
Abhcóideacht: Advocacy
Gníomhaíochas: Activism
Cos ar bolg: Oppress
Brabús: Profit
Gealltanais folmha: Empty promises
Claontacht: Bias
Marfach: Leathal
Fianaise: Evidence
Cinsireacht: Censorship
Ardán: Platform
Rialtas Údarásach: Authoritatian Government
Cosaintóirí cearta daonna: Human rights defenders
Tacú: support
Sárú: Infringement or breach of
Airdeallach: Alert
Cinedhíothú: Genocide
Dualgas: Obligation
Dearadh: Design
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d’imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, agus, an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán?
Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Katie Whelan
Foclóir:
Dlúthnasc: Strong connection
Dearbhú: Declaration
Abhcóidí: Advocates
Uachtaránacht: Presidency
Fréamhacha: Roots
Dílis: Faithful
Achoimre: Summary
Ionadaíocht: Representation
Corrach: Fraught
Teacht sna sála: To come on the heel of
Ard-Rúnaí: General Secretary
Tiomanta: Driven
Cur chun cinn: Promote
Activities: Gníomhaíochtaí
Le linn: During
In general: I gcoitinne
An-cheanúil ar: Very fond of
Feiceálacht: Visibility
Figh: Weave
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

44 Listeners

142 Listeners

22 Listeners

59 Listeners

17 Listeners

34 Listeners

347 Listeners

91 Listeners

3 Listeners

39 Listeners

0 Listeners

50 Listeners

108 Listeners

67 Listeners

6 Listeners

32 Listeners

40 Listeners

54 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

13 Listeners

2 Listeners

6 Listeners